Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 5:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Aċd a nois do sgríoḃ mé ċúgaiḃ gan ċaidreaḃ do ḋéanaṁ, má ḃíonn éainneaċ dá ngoirṫear dearḃráṫair na sdríopaiġ, nó na ḋuine ṡanntaċ, nó na ḟear ioḋalaḋruiḋ, no na ḟear cainiġe, nó na ḟear misge, nó na ḟear fúaduiġe; ná caiṫiḋ fíu an ḃiḋ na ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 5:11
47 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat.


Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir glanann siḃ an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis, agus iad lán de ṡainnt agus d’ainṁeasaraċt ar an taoḃ istiġ.


Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.


Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, seaċnaiḋ íoḋal‐aḋraḋ.


óir ag iṫe ḋaoiḃ, is é a ṡuipéar féin ċaiṫeas gaċ duine ar dtús; agus bíonn ocras ar ḋuine agaiḃ agus bíonn duine eile ar meisce.


Aċt is é Dia do‐ḃeir breiṫeaṁnas ar na daoiniḃ atá amuiġ. Cuiriḋ amaċ as ḃur measc an cuirpṫeaċ úd.


ná luċt sainnte, ná meisceoirí, ná masluiġṫeoirí, ná foġlaiḋṫe, ní ḃfaiġiḋ siad‐san ríoġaċt Dé mar oiḋreaċt.


Aċt is aṁlaiḋ ḃíos bráṫair ag dul ċum dliġe le bráṫair eile, agus sin i láṫair daoine gan creideaṁ.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


Agus leis na daoiniḃ eile adeirim‐se, ní h‐é an Tiġearna é: Má tá bean naċ gcreideann ag bráṫair ar biṫ, agus má tá sise toilteanaċ ar ċóṁnaiḋe leis, ná tréigeaḋ seisean í.


Aċt dá mba ṁian leis an duine gan creideaṁ imṫeaċt, imṫiġeaḋ sé. Ní ḟuil ceangal ar ḃráṫair ná ar ṡiúr ’n‐a leiṫéid sin de ċás: aċt is ċum síoṫċána do ġlaoḋ Dia sinn.


Agus de ċionn t’eolais‐se milltear an té atá lag, an bráṫair go ḃfuair Críost bás ar a ṡon.


Óir sara dtáinig daoine áiriṫe ó Ṡéamas, do ḃíoḋ sé ag iṫe i gcuideaċtain na gCineaḋaċ: aċt nuair ṫáinig siad‐san, do ṫarraing sé siar agus d’éaluiġ sé uaṫa, ar eagla luċta an timċeall‐ġearrṫa.


Agus ná biḋiḋ ar meisce le fíon; ainṁeasarḋaċt is eaḋ é sin, aċt biḋiḋ lán de’n Spiorad;


Óir bíoḋ a ḟios agaiḃ go maiṫ naċ ḃfuil oiḋreaċt ar biṫ i ríoġaċt Ċríost agus Dé ag striapaċ, ná ag duine neaṁ‐ġlan, ná ag duine sanntaċ, is é sin ioḋal‐aḋraṫóir.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Agus má tá aon duine naċ n‐uṁluiġeann d’ár ḃfocal san eipistil seo, taḃraiḋ aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a ċuideaċtain, ċum go gcuirfiḋe náire air.


Órduiġmíd daoiḃ anois, a ḃráiṫre, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, druidim ó gaċ bráṫair atá ag maireaċtain go fallsa, agus naċ do réir an teagaisc fuaradar uainne.


gan ḃeiṫ tugṫa do’n ḟíon, gan ḃeiṫ bruiġeantaċ;


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


Má ṫig aoinneaċ ċugaiḃ gan an teagasc so do ṫaḃairt leis, ná glacaiḋ isteaċ ’n‐ḃur dtiġ é, agus ná beannuiġiḋ ḋó:


Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.


Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ