Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 5:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Atá sé d’á iomráḋ le deiṁne go ḃfuil striapaċas ’n‐ḃur measc, striapaċas naċ ḃfuil le fáġáil i measc na gCiniḋeaḋaċ féin, is é sin go mbéaḋ bainċéile a aṫar ag duine éigin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ata sé ḋá aiṫris go coitċeann go ḃfuil sdríopaċas eadruiḃ, agus a ionnṡaṁuil do sdríopaċas naċ ainmniġṫear a measg na Gcineaḋaċ féin, eaḋon go mbíaḋ bean á aṫar ag an mac.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 5:1
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin do ṡeaċaint ar ṫruailleaḋ na n‐íoḋal, agus ar striapaċas, agus ar ḟeoil do taċtaḋ, agus ar ḟuil.


siḃ féin do ṡeaċaint ar neiṫiḃ do h‐íoḋbraḋ d’íoḋalaiḃ, agus ar ḟuil, agus ar neiṫiḃ do taċtaḋ, agus ar striapaċas; má ċongḃuiġeann siḃ amaċ uaṫa sin, béiḋ an scéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.


Óir do h‐inniseaḋ ḋom ’n‐ḃur dtaoḃ, a bráiṫre, ó ṁuinntir Ċlóé, go ḃfuil éada oraiḃ le ċéile.


Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.


An biaḋ do’n ḃolg, agus an bolg do’n ḃiaḋ; aċt cuirfiḋ Dia deireaḋ leo araon. Anois ní le h‐aġaiḋ striapaċais atá an ċolann, aċt le h‐aġaiḋ an Tiġearna; agus atá an Tiġearna le h‐aġaiḋ na colna.


Seaċnaiḋ an striapaċas. Gaċ peacaḋ do‐ġní an duine atá sé taoḃ amuiġ de’n ċorp; aċt an té do‐ġní striapaċas, do‐ġní sé peacaḋ i n‐aġaiḋ a ċuirp féin.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


ar eagla, nuair ṫiocfad arís, go n‐uṁlóċaiḋ Dia ’n‐ḃur measc mé, agus go mbéiḋ orm a lán díoḃ‐san do ċaoineaḋ do rinne peacaḋ ċeana, gan aiṫriġe do ḋéanaṁ san míoġlaine, agus san striapaċas, agus san drúis do ċleaċtadar.


Aċt má ṫáinig doilġeas de ċionn duine ar biṫ, ní h‐orm‐sa ṫáinig sé, aċt ṫáinig cuid de (gan luiġe ro‐ṫrom) oraiḃ go léir.


D’á ḃíṫin sin, má scríoḃas féin ċugaiḃ, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’ḟulaing í, aċt ċum go mbéaḋ ḃur ndíoġrais ’n‐ár dtaoḃ‐na soiléir i ḃfiaḋnaise Dé.


Anois atá gníoṁarṫa na colna follasaċ, mar atá, striapaċas, neaṁ‐ġlaine, drúis,


Aċt striapaċas, agus gaċ saġas neaṁ‐ġlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐ḃur measc, mar ba ċóir do naoṁaiḃ;


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Óir ní ċum neaṁ‐ġlaine do ġlaoḋ Dia sinn, aċt ċum naoṁṫaċta.


Agus ṫugas uain di ċum aiṫriġe do ḋéanaṁ; agus ní mian léi aiṫriġe do ḋéanaṁ ’n‐a striapaċas.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ