Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 4:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Atá ḃur sáiṫ agaiḃ ċeana, atá siḃ saiḋḃir ċeana, atá siḃ suiḋte i gcoróin ċeana gan fanaṁain linn; agus go deiṁin dob’ ḟearr liom siḃ ḃeiṫ suiḋte i gcoróin, ċum go mbéimís‐ne i gcoróin i n‐éinḟeaċt liḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Atá siḃ a nois sáiṫeaċ, atá siḃ a nois ar ḃur ndéunaṁ sáiḋḃir, do ġnoḋaiġeaḃair rioġaċd ionar ḃféugṁaisne: agus do bfearr leam go ḃfaġaḋ siḃ rioġaċd, ionnus go mbeiḋmísne fós ar rióġaiḃ maille riḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 4:8
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ċonnaic sé na sluaiġte, do ċuaiḋ sé suas ar an sléiḃ; agus nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe,


Is mairg daoiḃ‐se atá sáiṫeaċ anois! óir béiḋ ocras oraiḃ. Is mairg daoiḃ‐se atá ag gáiriḋe anois! óir béiḋ siḃ ag caoi agus ag gol.


Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.


Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.


de ḃriġ go ḃfuair siḃ saiḋḃreas ann ins an uile niḋ, i mbriaṫraiḃ béil agus i n‐eolas de gaċ cineál;


Aċt atá dream ann atá lán d’uaḃar, aṁlaiḋ agus naċ raḃas ag teaċt.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Ba ṁian liom go ḃféadfaḋ siḃ beagán diṫ‐céille d’ḟulang uaim: aċt ċeana atá siḃ ag fulang liom.


Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad.


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;


De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt:


agus go ndearnais ríoġaċt agus sagairt le h‐aġaiḋ ár nDé ḋíoḃ; agus riaġlóċaiḋ siad ar talaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ