Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 4:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Anois, a ḃráiṫre, san méid aduḃras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é ċum go ḃfoġlaimeoċaḋ siḃ uainn gan dul ṫar a ḃfuil scríoḃṫa; ċum naċ mbéiḋ siḃ lán d’uaḃar i n‐éadan a ċéile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a ḋearḃraiṫreaċa, do ṫarruing mé na neiṫesi ċugun féin, agus ċum Apollos a ḃfioġair ar ḃur sonsa; ċum siḃse dá ḃfoġluim uáinn gan ḃeiṫ ḋáoiḃ ní sa glioca ná mar atá sgrioḃṫa, gan neaċ aguiḃ do ḃeiṫ a naġaiḋ a ċéile ar na ṡéideaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 4:6
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig go h‐Eiféis Iúdaċ aṁáin darḃ ainm Apollós, Alecsandríneaċ, fear an‐léiġeanta, agus eolas mór ar na scrioptúiriḃ aige.


Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.


Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.


Mar atá scríoḃṫa, Scriosfad‐sa eagna na n‐eagnaiḋe, Agus cuirfead tuigse na dtuigseanaċ ar neaṁniḋ.


ċum, mar átá scríoḃṫa, An té do‐ġní maoiḋṁeaċas, go ndéanfaḋ sé san Tiġearna é.


Atá an gráḋ foiġdeaċ, deaġċroiḋṫeaċ; ní ġlacann sé formad; ní ḋéanann an gráḋ maoiḋṁeaċas ná baoṫġlór;


Óir is díṫ‐céille le Dia gliocas an tsaoġail seo, mar tá scríoḃṫa, Greamuiġeann sé luċt gliocais ’n‐a ngastaċt féin:


Uime sin, ná déanaḋ duine ar biṫ maoiḋṁeaċas as daoiniḃ.


Agus atá siḃ uaiḃreaċ, i n‐ionad ḃeiṫ ag déanaṁ bróin, ċum go dtógfaiḋe as ḃur measc an té do ċleaċt an ċuirpṫeaċt so.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.


Agus is ar son an tsoiscéil do‐ġním gaċ niḋ, ċum go mbéinn rannṗáirteaċ ann.


Óir ní láṁaimíd sinn féin d’áireaṁ, nó do ċur i gcóiṁeas le daoine áiriṫe ḃíos g‐á molaḋ féin: aċt g‐á dtóṁas féin dóiḃ, agus g‐a gcur féin i gcóiṁeas le ċéile, atáid gan tuigsin.


ní ag maoiḋeaṁ as miosúr dúinn as a ndearna daoine eile; aċt atá súil againn, do réir mar ṁéaduiġeas ḃur gcreideaṁ,


Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.


Óir má ṫagann duine ag seanmóiriú Ċríost eile nár ṡeanmóruiġeamair‐ne, nó má ġlacann siḃ spiorad eile nár ġlacamar leis, naċ breaġ mar ḟulaingeann siḃ leisean?


Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ.


Óir is eagal liom, nuair ṫiocfad, naċ ḃfaiġead siḃ ḃeiṫ mar ba ṁian liom, agus go ḃfaiġeaḋ siḃ mise gan ḃeiṫ mar nár ṁian liḃ; ar eagla, b’ḟéidir, go mbéaḋ aċrann, formad, fearg, deaġailt, cúl‐ċainnt, bíodán, éirġe‐i‐n‐áirde, círéiḃ;


Óir dá mba ṁian liom maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, ní ḃéiḋead díṫ‐ċéilliḋe; óir déarfad an ḟírinne: aċt staonaim uaiḋ, ar eagla go mbéaḋ meas ag aon duine orm ṫar a ḃfeiceann sé ḃeiṫ ionnam, nó ṫar a gcluineann sé uaim.


Óir is ar ḃur son‐sa atá an uile niḋ, ċum go dtéiġiḋ an grása ċum glóire Dé, agus é d’á ṁéadú go mór de ḃárr buiḋeaċais an ṁóráin ṁóir.


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ