20 Óir ní i mbriaṫraiḃ béil atá ríoġaċt Dé, aċt i gcuṁaċt.
20 Oír ní a mbríaṫraiḃ atá rioġaċd Dé, aċd a gcúṁaċdaiḃ.
Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.
óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.
tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;
aċt ’n‐a ċuṁaċt Dé do na daoiniḃ, idir lúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ, fuair an ġairm.
Agus ní briaṫra blasta gliocais do ḃí im’ ċainnt agus im’ ṡeanmóireaċt, aċt lán‐dearḃú an Spioraid agus cuṁaċt:
Óir bíoḋ go ndéanfainn beagán maoiḋṁeaċais san mbreis as ár h‐uġdarás (ṫug an Tiġearna ḋúinn ċum ḃur leasuiġṫe, ní ċum siḃ do leagaḋ),
óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc.