Aduḃairt a ṫiġearna leis, Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis: do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.
Aduḃairt a ṫiġearna leis Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis; do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.
Agus aduḃairt an Tiġearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallṁar, go gcuirfiḋ a ṫiġearna é i mbun a ṫeaġlaiġ, ċum go dtiuḃraiḋ sé a gcuid biḋ ḋóiḃ i dtráṫ?
Ċuige sin is eaḋ do ċuireas Timótéus ċugaiḃ, mo ṁac ionṁain féin atá díleas san Tiġearna; cuirfiḋ seisean i gcuiṁin daoiḃ mo ṡliġṫe atá i gCríost, mar ṁúinim‐se ins gaċ áit, ins gaċ eaglais iad.
aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.