Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 4:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 bímíd ag obair go dian le n‐ár láṁaiḃ féin: nuair masluiġtear sinn, do‐ḃeirimíd beannaċt; nuair do‐ġnítear géirleanṁain orainn, fulaingmíd leis;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus atámáoid ag fáġáil ṡáoṫair, ag déunmah oibre ría ar láṁuiḃ féin: an tan ṁallaiġṫear sinn, do ḃeirmíd ar mbeannaċd úainn; an tan ġérléantar sinn, do ḃeirmid fulang uáinn:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 4:12
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair do‐ḃéarfar tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair ciapfar siḃ, agus nuair adéarfar gaċ aon ḟocal bréagaċ ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ, ar mo ṡon‐sa.


aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.


Taḃraiḋ beannaċt dóiḃ‐sean do‐ḃeir mallaċt daoiḃ, déanaiḋ guiḋe orṫa‐san do‐ġní tromaiḋeaċt oraiḃ.


Cuiṁniġiḋ ar an mbriaṫar aduḃairt mé liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ná a ṁáiġistir. Má rinneadar géir‐leanaṁain orm‐sa, do‐ġéanaid géir‐leanaṁain oraiḃ‐se mar an gcéadna; má ċoiṁéadadar mo ḃriaṫra‐sa, ċoiṁéadfaiḋ siad ḃúr mbriaṫra‐sa, leis.


agus ṫáinig sé ċuca‐san; agus, toisc é ḃeiṫ ar aon ċeárd leo, d’ḟan sé aca, agus d’oibriġ sé ’n‐a ḃfoċair, óir ba ḋéantóirí pailliún iad de réir ceirde.


Is eol daoiḃ féin gurḃ iad na láṁa so do ṡoláṫruiġ d’á raiḃ ’n‐a riaċtanas orm, agus dóiḃ‐sean do ḃí im’ ḟoċair.


Agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Ṫiġearna, ná cuir an peacaḋ so ’n‐a leiṫ. Agus, ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫuit a ċodlaḋ air. Agus do ḃí Saul ag aontú le n‐a ḃás.


Taḃraiḋ beannaċt do na daoiniḃ do‐ġní géirleanṁain oraiḃ; taḃraiḋ beannaċt agus ná taḃraiḋ mallaċt.


Aċt má ḃíonn ocras ar do náṁaid, taḃair niḋ le n’iṫe ḋó; má ḃíonn tart air, taḃair deoċ le n’ól dó: g‐á ḋéanaṁ sin duit, béiḋ tú ag carnaḋ gríosaiġe ar a ċeann.


Cia h‐é scarfas ó ġráḋ Ċríost sinn? An ndéanfaiḋ anacair é, nó aingceis, nó géirleanṁain, nó gorta, nó lomnoċtaċt, nó contaḃairt, nó claiḋeaṁ.


Nó, an mise aṁáin agus Barnabas naċ ḃfuil sé de ċead againn éirġe as obair?


Do ċreaċas eaglaisí eile, ag glacaḋ tuarastail uaṫa ċum seirḃís do ḋéanaṁ ḋaoiḃ‐se;


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.


agus níor iṫeamar arán aon duine i n‐aisce, aċt ag obair go cruaiḋ, dóċaṁlaċ, d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ.


Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.


Nuair do cáineaḋ é, ní ḋearna sé aṫċáineaḋ; nuair d’ḟulaing sé, ní ḋearna sé bagairt; aċt do ċuir sé é féin fá ċuṁdaċ an té do‐ḃeir breiṫeaṁnas ceart:


Aċt má ḟulaingeann siḃ ar son na fíréantaċta féin, is aoiḃinn daoiḃ: agus ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san, agus ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ;


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


D’á ḃriġ sin, na daoine ḟulaingeas do réir tola Dé, cuiridís a n‐anmanna fá ċuṁdaċ an Ċruṫuiġṫeora ḋílis, ag cleaċtaḋ maiṫeasa.


Aċt Miċeál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diaḃal dó, ag aiġneas fá ċorp Ṁaoise, níor láṁ sé a ċúisiú go masluiġṫeaċ, aċt aduḃairt, Go smaċtuiġiḋ an Tiġearna ṫú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ