Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 3:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Anois is ionann an té ċuireas síol agus an té ċraiṫeas uisce; aċt do‐ġeoḃaiḋ gaċ aoinneaċ a ṫuarastal féin do réir a ṡaoṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus is ionnan an tí ṗlanndaiġeas, agus an tí ċroiṫeas an tuisge: agus do ġéuḃaiḋ gaċ áon a ṫúarasdal do réir a ṡáoṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 3:8
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Agus aduḃairt sé leisean, ċóṁ maiṫ, Agus tusa, bí‐se os cionn cúig gcaṫraċ.


ḃearfas do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa:


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Má ṡeasann an obair do ṫóg aon duine air, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ a ṡaoṫair.


D’á ḃriġ sin, ní h‐éinniḋ an té ċuireas, ná an té ċraiṫeas uisce, aċt Dia do‐ḃeir an fás.


Óir is ċóṁoibriḋṫe le Dia sinn: is fearann Dé siḃ‐se, foirgneaṁ Dé.


Óir bíoḋ go ḃfuil deiċ míle oide i gCríost agaiḃ, ní ḟuil a lán aiṫreaċ agaiḃ: óir is mise do ġein i nÍosa Críost tríd an soiscéal siḃ.


Cia h‐é do‐ġní seirḃís saiġdiúra am ar biṫ ar a ċostas féin? Cia h‐é ċuireas fíon‐ġort agus naċ n‐iṫeann d’á ṫoraḋ? Nó cia h‐é ḃeaṫuiġeas tréad agus naċ mblaiseann bainne an tréada?


Aċt scrúduiġeaḋ gaċ duine a ġnó féin, agus annsin béiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais ’n‐a ṫaoḃ féin aige, ní i dtaoḃ an duine ṫallé.


Óir caiṫfiḋ gaċ duine a ualaċ beag féin d’iomċar.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


Agus nuair foillseoċar an tÁrd‐Aoḋaire, ġeoḃaiḋ siḃ coróin na glóire naċ dtéiġeann i n‐éag.


Biḋiḋ ar ḃur n‐aire ċum naċ gcaillfiḋ siḃ a ḃfuil saoṫruiġṫe agaiḃ, aċt go ḃfaiġiḋ siḃ lán‐luaċ saoṫair.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ; agus atá mo luaċ saoṫair liom ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ le gaċ duine do réir a ndearna sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ