Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.
Óir má ṁairimíd, is do’n Tiġearna ṁairimíd; agus má éagaimíd, is do’n Tiġearna éagaimíd: d’á ḃriġ sin, is cuma cia aca ṁairimíd nó éagaimíd, is leis an Tiġearna sinn.
Agus nuair ḃéas gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, annsin is eaḋ ḃéas an Mac féin fá ċeannas an té do ċuir gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, ar ṁoḋ go mbéiḋ Dia ’n‐a uile niḋ do ċáċ.
Óir an té do gairmeaḋ san Tiġearna, bíoḋ gur scláḃaiḋe é, saoránaċ an Tiġearna is eaḋ é: ar an gcuma ċéadna an té fuair gairm agus é saor, searḃónta Ċríost is eaḋ é.
mar sin féin n ḟuil againne aċt aon Dia aṁáin, an tAṫair, ó n‐a dtagann gaċ uile niḋ, agus sinne le n‐a aġaiḋsean; agus aon Tiġearna Íosa Críost aṁáin, tré n‐a ḃfuil an uile niḋ ann, agus sinne tríd‐sean.
Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.