Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur siḃ teampoll Dé, agus go gcóṁnuiġeann Ṡiorad Dé ionnaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 3:16
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, cibé duine d’á dtiuḃraiḋ siḃ siḃ féin mar ṡeirḃísiġ na h‐uṁlaċta, gur seirḃísiġ siḃ do’n té d’á n‐uṁluiġeann siḃ; is cuma cia aca seirḃísiġ an ṗeacaiḋ ċum báis, nó seirḃísiġ na h‐uṁlaċta ċum fíréantaċta?


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, an méid dínn do baisteaḋ ċum Íosa Críost, gur ċum a ḃáis do baisteaḋ sinn?


Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.


Aċt ní do réir na colna ṁaireas siḃ‐se, aċt do réir an spioraid, má’s fíor go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ. Aċt an duine naċ ḃfuil Spiorad Ċríost ann, ní le Críost é.


Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaiḋ Dia an duine sin; óir atá teampall Dé naoṁṫa, agus is siḃ‐se é.


Óir is ċóṁoibriḋṫe le Dia sinn: is fearann Dé siḃ‐se, foirgneaṁ Dé.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Naċ eol daoiḃ an té ċlaoiḋeas le méirdriġ gur ab aon ḟeoil aṁáin léi é? óir béiḋ an dias ’n‐a n‐aon ḟeoil aṁáin le ċéile, adeir sé.


Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia?


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


Naċ eol daoiḃ na daoine riaras neiṫe spioradálta go mbeaṫuiġtear iad ó’n teampall, agus na daoine do‐ġní freastal ar an altóir, go mbíonn a gcuid féin aca ó’n altóir?


Naċ eol daoiḃ go riṫeann gaċ duine i gcoiṁlint reaṫa, aċt gur ab aon duine aṁáin ḃuaiḋeas an duais? Riṫiḋ‐se ċum go mbuaiḋfiḋ siḃ.


Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne.


Coiṁeád an taisce maiṫ tugaḋ ḋuit tríd an Spiorad Naoṁ ċóṁnuiġeas ionnainn.


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ: má tá gráḋ againn d’á ċéile, cóṁnuiġeann Dia ionnainn, agus curtar a ġráḋ i gcríċ ionnainn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ