Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 3:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 óir foillseoċaiḋ an lá é, de ḃriġ go ndéanfar soiléir é san teiniḋ; agus déanfaiḋ an teine féin a ċruṫú cia an cineál obair gaċ duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Do ḋéuntar obair gaċ áonduine follus: óir foillseoċaiḋ an lá é, do ḃríġ go maḋ léir é ris an dteine; agus foillseóċáiḋ an teine cionnus ḃías obair gaċ éunduine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 3:13
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.


Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


agus raċfaiḋ claiḋeaṁ tré lár t’anma féin; ionnas go noċtfar smaointe as mórán croiḋṫe.


nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.


Aċt do réir do ḋúine agus do ċroiḋe aindiuidiġ atáir ag cur feirge i dtaisce ḋuit féin fá ċóṁair lae na diḃeirge, nuair foillseoċar ceart‐ḃreiṫeaṁnas Dé:


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


Agus má ṫógann aon duine ar an mbun so ór, airgead, cloċa luaċṁara, aḋmad, féar, nó connlaċ, noċtfar obair gaċ aon duine:


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


(Go dtugaiḋ an Tiġearna ḋó trócaire d’ḟáġáil ó’n Tiġearna san ló úd): agus is maiṫ atá a ḟios agat féin méid na seirḃís do rinne sé ḋom i nEiféis.


Aċt ní raċaiḋ siad níos faide: óir béiḋ a ndíṫ‐céille follasaċ do’n tsaoġal, mar ḃí diṫ‐céille na ḃfear úd.


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.


ċum go ḃfaiġfear dearḃú ḃur gcreidiṁ, atá níos luaċṁaire ’ná ór ṫéiġeas ar neiṁniḋ, giḋ go mbruiṫntear é le teiniḋ, go ḃfaiġfear a ṫairḃe i molaḋ, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseoċar Íosa Críost:


A ċáirde ionṁaine, ná bíoḋ aon iongnaḋ oraiḃ fá’n gcatú teintiḋe atá d’á ċur oraiḃ, mar ḃéaḋ niḋ neaṁ‐ġnáṫaċ ann, ó cuireaḋ é ċum siḃ d’ḟróṁaḋ:


Aċt tiocfaiḋ lá an Tiġearna mar ġadaiḋe; imṫeoċaiḋ na spéarṫa le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ, agus dóiġfear an talaṁ agus na h‐oibreaċa atá ann.


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


Agus do ċonnacas na mairḃ, idir ḃeag agus ṁór, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ; agus do fosclaḋ na leaḃair: agus do fosclaḋ leaḃar eile, is é leaḃar na beaṫaḋ é: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar na marḃaiḃ as a raiḃ scríoḃṫa ins na leaḃraiḃ, do réir a ngníoṁarṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ