Aċt má ḃíonn doilġeas ar do ḃráṫair mar ġeall ar an mbiaḋ iṫeas tú, ní de réir gráḋa atáir‐se ag siuḃal. Ná cuir i mbealaċ a ḃascṫa led’ ḃiaḋ an duine go ḃfuair Críost bás ar a ṡon.
Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ,
Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.
Aċt nuair ṫáinig Timóteus uaiḃ anois díreaċ ċugainn, agus ṫug sé deaġ‐scéala ḋúinn i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa, g‐á ráḋ go mbíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cuiṁneaṁ orainn, ag tnúṫ le n‐ár ḃfeicsin, mar táimíd féin ag tnúṫ leis, ċóṁ maiṫ:
Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;