Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 15:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 don dáréag ’n‐a ḋiaiḋ sin; gur taiḋḃriġeaḋ é ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṫuilleaḋ agus cúig céad bráṫair i n‐éinḟeaċt, go ḃfuil an ċuid is mó aca ’n‐a mbeaṫaiḋ fós, aċt go ḃfuil cuid eile aca tuitṫe fá ṡuan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Ná ḋiáiġ sin, fuáir ós cionn ċuig céud dearḃráṫair raḋarc air a naóinḟeaċd; agá ḃfuil a lán díoḃ na mbeaṫaiḋ gus a nois, agus dream eile na gcodlaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 15:6
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt Íosa leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: imṫiġiḋ agus abraiḋ lem’ ḃráiṫriḃ imṫeaċt do’n Ġalilé, agus do‐ċífiḋ siad annsin mé.


Aċt imṫiġiḋ, innisiḋ d’á ḋeisceablaiḃ agus do Ṗeadar, go ḃfuil sé ag dul róṁaiḃ go dtí an Ġalilé: do‐ċífiḋ siḃ annsin é, mar aduḃairt sé féin liḃ.


Óir, nuair do ḃí a ṡeirḃís déanta ag Dáiḃí ’n‐a ġeinealaċ féin, do ċodail sé, agus do cuireaḋ é i ḃfoċair a ṡinnsear, agus do ċonnaic sé truailleaḋ;


Agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Ṫiġearna, ná cuir an peacaḋ so ’n‐a leiṫ. Agus, ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫuit a ċodlaḋ air. Agus do ḃí Saul ag aontú le n‐a ḃás.


Mar an gcéadna na daoine atá tuitṫe fá ṡuan i gCríost, atá siad caillte.


Aċt anois atá Críost éiriġṫe ó na marḃaiḃ, is é céad‐toraḋ na ndaoine atá fá ṡuan é.


Aċt, a ḃráiṫre, níor ṁaiṫ linn siḃ ḃeiṫ i n‐ainḃfios i dtaoḃ na ndaoine atá ’n‐a gcodlaḋ, ċum naċ mbéiḋ cuṁa oraiḃ, mar ḃíos ar na daoiniḃ eile atá gan dóċas.


Óir adeirimíd do réir briaṫar an Tiġearna, sinne atá beo, atá fágṫa go teaċt an Tiġearna, naċ mbéiḋ tosaċ againn ar an dream ċodlas.


g‐á ráḋ, Cá ḃfuil geallaṁain a ṫeaċta? óir ó’n tráṫ ’n‐a ḃfuair ár sinnsir bás, fanann an uile niḋ mar ḃí ó ċéad‐ċruṫú an doṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ