55 A ḃáis, cá ḃfuil do ḃuaiḋ?
55 O a ḃáis, gá háit a ḃfuil do ċáilg? ó a úaiṁ, gá háit a ḃfuil do ḃuáiḋ?
Agus i Hades dó, agus é beo‐ṗianta, d’árduiġ sé a ṡúile, agus do ċonnaic sé Abraċam i ḃfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a uċt.
De ḃriġ naċ ḃfágfair m’anam san uaiġ Agus naċ leigfir dot’ Aon Naoṁṫa truailliú d’ḟeicsin.
Agus aduḃairt seisean, Cia ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus d’ḟreagair sé, Is mise Íosa ar a ḃfuil tú ag géirleanṁain:
Aċt ċeana do ḃí réimeas ag an mbás ó Áḋaṁ go Maois, ar na daoiniḃ féin naċ ndearna peacaḋ mar rinne Áḋaṁ, atá ’n‐a ṡaṁail do’n té do ḃí le teaċt.
A ḃáis, cá ḃfuil do ċealg? Is é an peacaḋ cealg an ḃáis; agus is é an dliġe neart an ṗeacaiḋ.
Do ḃi earbaill do ḃí cosṁail le scoirpiúnaiḃ, agus gaṫa aca; agus is ins na h‐earballaiḃ atá a gcuṁaċt ċum ḃeiṫ ag gortú daoine ar feaḋ cúig ṁí.