Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 15:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Féaċ, innisim diaṁar‐rún daoiḃ: Ní ċodlóċaimíd uile, aċt curfar malairt croṫa orainn;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Féuċ, as ní dorċa laḃruim riḃ, ní ċoidéolam uile, aċd cuirfiġṫear a naiṫearraċ croṫa sinn uile,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 15:51
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Mar an gcéadna na daoine atá tuitṫe fá ṡuan i gCríost, atá siad caillte.


Aċt anois atá Críost éiriġṫe ó na marḃaiḃ, is é céad‐toraḋ na ndaoine atá fá ṡuan é.


don dáréag ’n‐a ḋiaiḋ sin; gur taiḋḃriġeaḋ é ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṫuilleaḋ agus cúig céad bráṫair i n‐éinḟeaċt, go ḃfuil an ċuid is mó aca ’n‐a mbeaṫaiḋ fós, aċt go ḃfuil cuid eile aca tuitṫe fá ṡuan.


aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;


Bíoḋ an meas ag daoiniḃ orainn ḃíos aca ar ṁaoraiḃ rúindiaṁaír Dé.


Óir bímíd ag osnaiġil san bpailliún so, ag súil le clúdaċ ár n‐áitreaḃa atá ó neaṁ:


Óir ċóṁ fada is ḃímíd san bpailliún so bímíd ag osnaiġil, agus sinn fá ṫrom‐ualaċ; ní h‐é go mba ṁian linn ḃeiṫ gan clúdaċ, aċt ḃeiṫ clúduiġṫe, ċum go sluigfiḋe a ḃfuil so‐ṁarḃṫa leis an mbeaṫaiḋ.


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


cionnas mar foillsiġeaḋ an rúindiaṁair tré ṫaisbeánaḋ ḋom, mar scríoḃas ċeana go h‐aiṫġearr,


Rúindiaṁair ṁór is eaḋ í seo, aċt is iad Críost agus an eaglais atáim do ṁaoiḋeaṁ.


an té ċuirfeas malairt croṫa ar ċorp so ár h‐uṁlaiḋeaċta, ċum go ndéanfar cosṁail é le n‐a ċorp glórṁar féin, do réir an ċumais atá aige ċum gaċ uile niḋ do ṫaḃairt fá n‐a ċeannas féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ