Fá ḋeireaḋ, do ṫaisbeán sé é féin do’n ao n ḟear déag ar fad, agus iad ’n‐a suiḋe ag caiṫeaṁ biḋ; agus do ċas sé leo a míċreideaṁ agus a ndúire croiḋe, de ḃriġ nár ċreideadar na daoine do ċonnaic é iar h‐éirġe ḋó.
Óir is liḃ‐se an uile niḋ; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoġal, nó beaṫa, nó bás, nó neiṫe atá de láṫair, nó neiṫe atá le teaċt; is liḃ‐se iad uile;
Naċ ḃfuil sé de ċead againn siúr do ṫaḃairt mar ḃainċéile i n‐éinḟeaċt linn, mar do‐ġní an ċuid eile de na h‐abstalaiḃ, agus bráiṫre an Tiġearna, agus Céfas?