Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.
Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,
ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;
Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.