Óir adeir na Saddúicíniġ naċ ḃfuil aiséirġe ann, ná aingeal, ná spiorad: aċt adṁuiġeann na Fairisíniġ iad uile ḃeiṫ ann. Agus annsin d’éiriġ callán mór:
Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.
Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt sinne, mar an gcéadna, go ḃfuil an Spiorad mar ċéad‐toraḋ againn, bímíd ag osnaiġil ionnainn féin, ag fuireaċ ar an uċtcaċt, is é sin fuasclaḋ ár gcorp.
ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.
D’á ḃriġ sin, ó tá an ċlann rannṗáirteaċ i ḃfeoil agus i ḃfuil, do ġlac sé féin, leis, páirt ionnta; ċum go mbrisfeaḋ sé, de ḃárr an ḃáis, ċuṁaċt an té go raiḃ cuṁaċt an ḃáis aige, is é sin an diaḃal;
is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.