Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 14:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a nois, a ḋearḃráiṫreaċa, dá dtigiḋ mé ċugaiḃ ag laḃairt ré teangṫuiḃ, créud é an soċar do ḋéunad díḃ, muna laḃra mé riḃ a ḃfoillsiuġaḋ, nó a néolas, nó a ḃfáiḋeadóireaċd, nó a dteagusg?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 14:6
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:


Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Óir cad é a ṫairḃe do ḋuine dá ngnóṫuiġeaḋ sé an doṁan go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain? nó cad í an ṁalairt ḋéanfas duine ar a anam féin?


Agus do leanadar go seasaṁaċ de ṫeagasc na n‐abstal, agus de’n ċaradas bráṫarḋa, de ḃriseaḋ an aráin, agus de na h‐urnaiġṫiḃ.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin;


fá mar iarraim‐se sásaṁ do ṫaḃairt do gaċ duine ins an uile niḋ, gan cuiṁneaṁ ar mo ṫairḃe féin, aċt ar ṫairḃe farasbáirr na ndaoine, ċum go slánóċar iad.


Loirgiḋ an gráḋ: aċt cuiriḋ suim i mbronntanaisiḃ spioradálta, an ḟáiḋeadóireaċt go h‐áiriṫe.


Na neiṫe féin atá gan anam, ag déanaṁ fuama ḋóiḃ, má’s fliúit nó cláirseaċ iad, muna mbíonn idirḋealú ins na fuamaiḃ, cionnas aiṫneoċar an port seinntear ar an ḃfliúit nó ar an gcláirsiġ?


Aċt má’s fíor féin gur beag le ráḋ fá ċainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do ċruṫuiġeamar ’n‐ḃur measc é go h‐iomlán ar gaċ sliġe.


Caiṫfiḋ mé maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, giḋ naċ ḃfuil sé tairḃeaċ; aċt tiocfad go dtí aislingí agus taiḋḃriḋṫe ó’n Tiġearna.


Agus mar ġeall ar ḟeaḃas na dtaiḋḃreaḋ sin, ar eagla go mbéaḋ móráil ṫar fóir orm, tugaḋ ḋom dealg san ḃfeoil, teaċtaire Ṡátain ċum mo ċiapṫa, ċum naċ ndéanfainn mórtas ṫar fóir.


ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air:


ó n‐a ḃféadann siḃ, g‐á léiġeaṁ ḋaoiḃ, m’eolas ar ruindiaṁair Ċríost do ṫuigsin;


D’á ḃriġ sin, bíoḋ an dearcaḋ sin ag an méid dínn atá lán‐ḟoirḃṫe: agus má tá a ṁalairt de ḋearcaḋ fá rud ar biṫ agaiḃ,


Cuir na neiṫe seo i gcuiṁin dóiḃ, g‐á ḟógairt dóiḃ i ḃfiaḋnaise an Tiġearna gan ḃeiṫ ag aiġneas fá ḟoclaiḃ naċ ḃfuil aon tairḃe ionnta, aċt ċuireas amuġa an dream ċluineas iad.


Aċt do leanais‐se dem’ ṫeagasc, dem’ ḋeaġ‐iomċar, dem’ ċuspóir, dem’ ċreideaṁ, de’m ḟoiġid, dem’ ġráḋ, dem’ ṡeasṁaċt, dem’ ġéirleanaṁnaiḃ, dem’ anacraiḃ.


Is ó Ḋia ṫáinig gaċ scrioptúir, agus atá sí fóġantaċ ċum teagaisc, ċum spreagṫa, ċum ceartuiġṫe, ċum foirċeadail i ḃfíréantaċt:


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Ar an aḋḃar seo féin déanaiḋ lán ḃur ndíċill, agus cuiriḋ suḃáilce le n‐ḃur gcreideaṁ;


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ