Óir, giḋ go ḃfuilim as láṫair san gcolainn, atáim ’n‐ḃur láṫair san spiorad, ag déanaṁ gáirdeaċais agus ag breaṫnú an eagair atá oraiḃ, agus ag breaṫnú seasṁaċta ḃur gcreidiṁ i gCríost.
Is é seo an fáṫ gur ḟágas san Ċréit ṫu, ċum go gcuirfeá i dtreo na neiṫe do ḃí gan déanaṁ, agus ċum seanóirí d’órdú ins gaċ caṫair; fá mar d’órduiġeas duit: