38 Aċt má tá duine ar biṫ gan eolas, bíoḋ sé gan eolas.
38 Aċd an tí atá ainḃfeasaċ, bíoḋ ainḃfeasaċ.
Leigiḋ ḋóiḃ siúd: treoraiḋṫe dalla is eaḋ iad. Agus má ṫreoruiġeann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.
Ná taḃraiḋ an niḋ naoṁṫa do na madraiḃ, agus ná caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí i láṫair na muc, ar eagla go ngaḃfaidís de ċosaiḃ orṫa, agus go n‐iompóċaidís agus go réabfaidís as a ċéile siḃ.
Má ṁeasann aon duine gur fáiḋ nó duine spioradálta é, aḋṁuiġeaḋ sé, na neiṫe scríoḃaim ċugaiḃ, gur ab iad aiṫeanta an Tiġearna iad.
Uime sin, a ḃráiṫre, cuiriḋ an‐tsuim san ḃfáiḋeadóireaċt, agus ná cuiriḋ cosc le laḃairt i dteangṫaċaiḃ.