Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.
impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, gan leigean d’ḃur n‐aigne ḃeiṫ corruiġṫe go luaṫ, ná ḃeiṫ buaiḋearṫa ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar ḃeaḋ uainne, g‐á ráḋ go ḃfuil lá an Tiġearna ann de láṫair.
A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.
Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.