Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 14:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, laḃrann sé le daoiniḃ g‐á spreagaḋ, g‐á mbrostú, agus g‐á gcóṁḟortú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Aċd an tí do ní fáiḋeadóireaċd as ré dáoiniḃ laḃrus sé ċum follamnuiġṫe, ċum teaguisg, agus ċum coṁḟurtaċda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 14:3
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is iomḋa spreagaḋ eile ṫug sé do na daoiniḃ, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil dóiḃ;


Agus nuair do ḃí léiġeaḋ an reaċta agus na ḃfáiḋ déanta, do ċuir uaċtaráin na sionagóige teaċtaireaċt ċuca, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, má tá focal congantaċ le h‐aġaiḋ an ṗobail agaiḃ, laḃraiḋ.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáiḋe iad féin, do spreagadar na bráiṫreaċa le mórán cainnte, agus do neartuiġeadar iad.


Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus,


Agus do ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, ḃí beannaċt uirṫi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseaċt i n‐eagla an Tiġearna, agus an Spiorad Naoṁ ag neartú léi.


nó an té ḃrostuiġeas, taḃraḋ sé aire d’á ḃrostúġaḋ; an té roinneas, déanaḋ sé go fial é; an té riaġluiġeas, déanaḋ sé le dúṫraċt é; an té do‐ġní trócaire, déanaḋ sé le ríméad í.


Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


Déanaḋ gaċ duine agaiḃ aoiḃneas a ċóṁarsan ċum a leasa agus ċum a neartuiġṫe.


Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ tairḃeaċ. Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ fóġantaċ.


Ar an aḋḃar sin, de ḃriġ go sanntuiġeann siḃ bronntainisí spioradálta, iarraiḋ gur ab é leas na h‐eaglaise ḃéas mar ċúram oraiḃ.


Is fíor go ḃfuil tú ag breiṫ buiḋeaċais, aċt ní h‐aon ċongnaṁ do’n duine eile é.


Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.


Óir tig liḃ uile fáiḋeadóireaċt do ḋéanaṁ ’n‐ḃur nduine agus ’n‐ḃur nduine, ċum go dtugtar teagasc agus spreagaḋ do gaċ aoinneaċ;


Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.


do‐ḃeir cóṁḟortaċt dúinn ’n‐ár n‐anró uile, ċum go mbéiḋ ar ċumas dúinn cóṁḟortaċt do ṫaḃairt do na daoiniḃ go mbíonn buaiḋirt ar biṫ orṫa, tríd an gcóṁḟortaċt le n‐a ḃfaiġmíd féin cóṁḟortaċt ó Ḋia.


ionnas ’n‐a ionad sin, gur ṁó ba ċóir daoiḃ maiṫeaṁnas agus sólás do ṫaḃairt dó, ar eagla go sloigfiḋe an té úd le h‐iomarca doilġis.


Ná leigiḋ d’aon droċ‐ċainnt teaċt as ḃur mbéal, aċt cainnt ḟóġanta raċas ċum tairḃe, do réir mar ḃéas gáḃaḋ léi, ċum go dtiuḃraiḋ sí grása do’n luċt éisteaċta.


Ċuige sin is eaḋ do ċuireas ċugaiḃ é, ċum go mbéiḋ eolas ’n‐ár dtaoḃ agaiḃ, agus ċum sólás croiḋe do ṫaḃairt daoiḃ.


Ċuige sin is eaḋ do ċuireas ċugaiḃ é, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cionnas mar tá an saoġal againn, agus go dtiuḃraiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ;


mar tá a ḟios agaiḃ go raḃamar le gaċ duine agaiḃ mar ḃéaḋ aṫair le n‐a ċlainn féin, ag taḃairt meanman agus meisniġ ḋaoiḃ,


Óir ní ó ṁearḃall, ná ó neaṁ‐ġlaine, ná ó ċeilg ṫig ár spreagaḋ;


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ.


D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile leis na briaṫraiḃ seo.


Anois órduiġmíd d’á leiṫéidiḃ sin, agus spreagaimíd tríd an Tiġearna Íosa iad, saoṫrú le ciúnas, agus a gcuid aráin féin d’iṫe.


agus gan aire do ṫaḃairt d’ḟaḃlaiḃ, ná do ġeinealaċaiḃ gan ċríoċ, ó n‐a ḃfásann ceisteanna níos mó ’ná riaraḋ gnó Dé san gcreideaṁ.


Go dtí go dtagad‐sa, taḃair aire do’n léiġṫeoireaċt, do’n ġríosaḋ, do’n teagasc.


Agus an méid go ḃfuil máiġistrí ċreideas aca, ná bíoḋ dí‐ṁeas aca orṫa, toisc gur bráiṫre iad; aċt go mb’ ḟearrde an tseirḃís ḋéanfas siad dóiḃ é, toisc gur creidṁiġ ion‐ġráduiġṫe na daoine ḃaineas an tairḃe as a seirḃísí. Múin agus mol na neiṫe seo.


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


ag greamú de’n ḃriaṫar fírinneaċ atá do réir an teagaisc, ċum go mbéiḋ ar ċumas dó na daoine do ġríosaḋ do réir an teagaisc ḟolláin, agus iad‐san ċuireas ’n‐a aġaiḋ do ḃréagnú.


Innis na neiṫe seo ḋóiḃ agus aiṫḃear le gaċ uġdarás. Ná leig d’aoinneaċ beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ ḋíot.


Spreag na fir óga, mar an gcéadna, ċum ḃeiṫ staidéarṫa:


Spreag na seirḃísiġ ċum ḃeiṫ uṁal d’á máiġistriḃ féin, agus ċum a dtoil do ḋéanaṁ san uile niḋ;


gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, glacaḋ le briaṫar an spreagṫa so uaim: óir níor scríoḃas aċt go h‐aiṫġearr ċugaiḃ.


aċt biḋiḋ ag brostú a ċéile lá i ndiaiḋ lae, a ḟaid agus glaoḋtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruaḋóċaiḋe aon duine


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ