Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 14:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Maseaḋ créd é sin, a ḋearḃráiṫreaċa? ar dteaċd a gceann a ċeile ḋíḃ, atá salm, atá teagusg, atá teanguiḋ, atá foillsiuġaḋ, atá míniuġaḋ ag gaċ duine agaiḃ. Déuntar na huile neiṫe ċum follamnuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 14:26
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, a ḃráiṫre, níor ṁian liom gan a ḟios ḃeiṫ agaiḃ gur minic do ċuireas róṁam teaċt ċugaiḃ (aċt do cuireaḋ cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéaḋ toraḋ éigin agam de ḃárr mo ṡaoṫair ’n‐ḃur measc, fá mar ḃí agam i measc na gCineaḋaċ eile.


nó má’s seirḃís é, cromaimís ar ár seirḃís; nó an té do‐ḃeir teagasc, luiġeaḋ sé isteaċ ar a ṫeagasc;


Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


Déanaḋ gaċ duine agaiḃ aoiḃneas a ċóṁarsan ċum a leasa agus ċum a neartuiġṫe.


Créad eile má’s eaḋ? Déanfad urnaiġe leis an spiorad, agus déanfad urnaiġe leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ: canfad leis an spiorad, agus canfad leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ.


Óir an duine laḃras i dteangain, ní le daoiniḃ laḃras sé, aċt le Dia, mar ní ṫuigeann aoinneaċ é: giḋ go laḃrann sé rúindiaṁra san spiorad.


Má laḃrann aon duine i dteangain, laḃraḋ beirt, nó triúr, an ċuid is mó ḋe, i ndiaiḋ a ċéile;


Aċt déantar an uile niḋ go stuamḋa, deaġ‐riaġalta.


Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ.


D’á ḃriġ sin atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo, agus mé as láṫair, fá mar ṫug an Tiġearna uġdarás ċum leasuiġṫe, agus ní ċum leagṫa ḋom.


ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile:


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


Ná leigiḋ d’aon droċ‐ċainnt teaċt as ḃur mbéal, aċt cainnt ḟóġanta raċas ċum tairḃe, do réir mar ḃéas gáḃaḋ léi, ċum go dtiuḃraiḋ sí grása do’n luċt éisteaċta.


ag laḃairt le ċéile i salmaiḃ, agus i n‐iomnaiḃ, agus i ndántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt agus ag déanaṁ ceoil ’n‐ḃur gcroiḋe do’n Tiġearna;


D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile, agus neartuiġiḋ a ċéile, fá mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ