Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 14:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 A ḋearḃráiṫreaċa, na biġiḋ ḃur leanbuiḃ a dtuigsi: aċd a dtáoḃ ḋroċṁéine biġiḋ ḃur leanbuiḃ, giḋeaḋ a dtúigse biġiḋ foirfe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 14:20
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:


agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iompuiġiḋ siḃ, agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt neiṁe ar ċor ar biṫ.


Aċt aduḃairt Íosa, Leigiḋ do na leanḃaiḃ beaga teaċt ċugam‐sa, agus ná cuiriḋ cosc leo: óir is le n‐a leiṫéidiḃ sin ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, An é nár léiġeaḃar, an té do ċruṫuiġ na daoine ó ṫús, gur ċruṫuiġ sé fireann agus baineann iad, agus go nduḃairt sé,


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, naċ raċaiḋ sé isteaċ innti ċoiḋċe.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ ḃig ní raċaiḋ sé isteaċ innti ar ċor ar ḃiṫ.


Agus, a ḃráiṫre, níor ṁian liom gan a ḟios ḃeiṫ agaiḃ gur minic do ċuireas róṁam teaċt ċugaiḃ (aċt do cuireaḋ cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéaḋ toraḋ éigin agam de ḃárr mo ṡaoṫair ’n‐ḃur measc, fá mar ḃí agam i measc na gCineaḋaċ eile.


Óir atá tuairisc ḃur n‐uṁlaċta i mbéal an uile ḋuine. Atá bród orm ’n‐ḃur dtaoḃ, d’á ḃriġ sin: aċt is mian liom siḃ ḃeiṫ glic i dtaoḃ maiṫeasa, agus ḃeiṫ neaṁ‐urċóideaċ i dtaoḃ an uilc.


Nuair do ḃíos im’ leanḃ, do laḃras nós leinḃ, do ṫuigeas mar ṫuigfeaḋ leanḃ, is ciall leinḃ do ḃí agam: aċt ar mbeiṫ im’ ḟear dom, do ḃíos réiḋ le neiṫiḃ leanḃaiḋe.


aċt dob’ ḟearr liom cúig focail do laḃairt lem’ ṫuigsin ċinn san eaglais, ċum teagasc do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ eile, ná deiċ míle focal i dteangain.


Aċt ċeana laḃraimíd eagnaiḋeaċt i measc na ndaoine n‐eolgaċ: ní h‐í eagnaiḋeaċt an tsaoġail seo í, ná eagnaiḋeaċt luċt ceannais an tsaoġail seo atá ag dul ar neaṁniḋ:


nó go dtagaimís uile ċum aondaċta an ċreidiṁ agus ċum lán‐eolais ar Ṁac Dé, ċum staide duine lán‐ḟásta,


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


D’á ḃriġ sin, bíoḋ an dearcaḋ sin ag an méid dínn atá lán‐ḟoirḃṫe: agus má tá a ṁalairt de ḋearcaḋ fá rud ar biṫ agaiḃ,


agus gaċ fuar‐ċráḃaḋ, agus éad, agus gaċ bíodán, agus, mar ḋéanfaḋ naoiḋeanáin nua‐ḃeirṫe, cuiriḋ dúil san mbainne spioradálta úr‐ġlan, gan cealg, ċum go ḃfásfaiḋ siḃ ċum slánuiġṫe d’á ḃárr;


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ