Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 14:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Loirgiḋ an gráḋ: aċt cuiriḋ suim i mbronntanaisiḃ spioradálta, an ḟáiḋeadóireaċt go h‐áiriṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Leanuiḋ an gráḋ, agus bíoḋ mían na neiṫeann sbioradálta oraiḃ, aċd go maḋ mó go ndéanaḋ siḃ fáiḋeadóireaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 14:1
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin, ó ṫárla tíoḋlaicṫe ar leiṫ ḃeiṫ againn, de réir cuimse an ġrása tugaḋ ḋúinn, má’s fáiḋeadóireaċt é, déanaimís do réir ár gcreidiṁ í;


Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


Créad adéarfaimíd mar sin? Gur ab iad na Cineaḋaiġ, naċ raiḃ ag lorg fíréantaċta, do fuair fíréantaċt, is í sin an ḟíréantaċt ṫig ó ċreideaṁ:


Anois is dtaoḃ tíoḋlaicṫe spioradálta, a ḃráiṫre, níorḃ áil liom siḃ ḃeiṫ gan eolas.


An ndéanann siad uile míniú? Aċt sanntuiġiḋ lé díoġrais na tíoḋlaicṫe is fearr. Agus anois noċtfad sliġe ḋaoiḃ atá níos fearr go mór.


Anois fanann na trí neiṫe seo, an creideaṁ, an dóċas agus an gráḋ: aċt an niḋ is mó díoḃ is é an gráḋ é.


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Mar sin de is mar ċóṁarṫa atá teangṫaċa ann, ní h‐é do luċt an ċreidiṁ, aċt do luċt an dí‐ċreidiṁ; aċt ní le h‐aġaiḋ na ndí‐ċreideaṁaċ, aċt le h‐aġaiḋ na gcreidṁeaċ atá an ḟáideadóireaċt.


Má ṁeasann aon duine gur fáiḋ nó duine spioradálta é, aḋṁuiġeaḋ sé, na neiṫe scríoḃaim ċugaiḃ, gur ab iad aiṫeanta an Tiġearna iad.


Uime sin, a ḃráiṫre, cuiriḋ an‐tsuim san ḃfáiḋeadóireaċt, agus ná cuiriḋ cosc le laḃairt i dteangṫaċaiḃ.


Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, do ḃeannuiġ le gaċ beannaċt spioradálta sinn ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i gCríost:


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


deaġ‐ṫeist ḃeiṫ uirṫi ás uċt deaġ‐ġníoṁarṫa; má tá clann oilte aici: má ċuir sí fáilte roiṁ stróinséiriḃ, má niġ sí cosa na naoṁ, má ċug sí fóiriṫin ar luċt aindeise, má lean sí go díċeallaċ do gaċ saġas deaġ‐ġníṁ.


Aċt, a ḋuine le Dia, seaċain‐se na neiṫe sin; agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n diaḋaċt, de’n ġráḋ, de’n ḟoiḋne, de’n ċeannsaċt.


Aċt seaċain ainṁianta na h‐óige, agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, de’n tsíoṫċáin, i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ ġlaoḋas ar an Tiġearna as croiḋe úr‐ġlan.


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


agus diaḋaċt le foiḋne; agus gráḋ bráṫarḋa le diaḋaċt; agus caon‐ċarṫannaċt le gráḋ bráṫarḋa.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ