1 Chum na gCoirinnteach 13:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)2 Agus bíoḋ go mbeiṫ fáiḋeadóireaċd agam, agus go mbeiṫ fios na nuile ruindíaṁraḋ, agus gaċ uile éolas agam; agus bíoḋ go mbeiṫ an creideaṁ uile agam, ar ġléus go ḃféudfuinn sléiḃte aṫruġaḋ, agus mé ḃeiṫ gan ġráḋ, ní ḃfuil éifeaċd ionnam. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus nuair do‐ċonnaic na deisceabail é, ṫáinig iongnaḋ mór orṫa, agus aduḃradar, Cionnas d’ḟeoġ an crann fige ċóṁ luaṫ sin? Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, gan aṁras ḃeiṫ oraiḃ, do‐ġéanaiḋ siḃ, ní h‐é aṁáin a ndearnaḋ do’n ċrann fige, aċt má deir siḃ leis an sliaḃ so, Tógtar agus teilgṫear isteaċ sa ḃfairrge ṫú, déanfar é.