Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 13:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Anois fanann na trí neiṫe seo, an creideaṁ, an dóċas agus an gráḋ: aċt an niḋ is mó díoḃ is é an gráḋ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus a nois fanaid na trí neiṫesi, creideaṁ, dóṫċas, agus gráḋ; giḋeaḋ a sé an gráḋ is mó ḋíoḃ so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 13:13
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt. Gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ód’ ċroiḋe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán; agus ód’ aigne go h‐iomlán; agus do ċóṁarsa mar ṫú féin.


aċt do‐rinneas‐sa guiḋe ar do ṡon‐sa, ċum naċ gcaillfeaḋ ar do ċreideaṁ: agus nuair iompóċair neartuiġ do ḃráiṫre.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


Loirgiḋ an gráḋ: aċt cuiriḋ suim i mbronntanaisiḃ spioradálta, an ḟáiḋeadóireaċt go h‐áiriṫe.


Má ṡeasann an obair do ṫóg aon duine air, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ a ṡaoṫair.


Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.


aċt má tá gráḋ ag duine do Ḋia, is eolaċ dó an duine sin.


Óir caiṫfimíd uile dul i láṫair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċríost; ċum go ḃfaiġeaḋ gaċ aoinneaċ cúiteaṁ a ndearna sé san gcolainn, do réir a ġníoṁarṫa, cia aca maiṫ nó olc iad.


agus go ḃfuair seisean bás ar son an uile ḋuine; ċum naċ mairfeaḋ siad‐san atá beo ḋóiḃ féin as sin amaċ, aċt do’n té fuair bás agus d’aiséiriġ ar a son.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,


déanaiḋ‐se mar an gcéadna: agus ṫar gaċ niḋ eile, cuiriḋ umaiḃ an gráḋ, óir is é snaiḋm na ndeaġ‐ṡuḃáilce é.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Aċt sinne, daoine de ċlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireaċ an ċreidiṁ agus an ġráḋa do ċur orainn; agus an dóċas ċum slánuiġṫe ḃeiṫ mar ċlogad orainn.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Óir ní spiorad eagla ṫug Dia ḋúinn, aċt spiorad cuṁaċta, agus gráḋa, agus ciallḋaċta.


D’á ḃriġ sin ná leigiḋ uaiḃ ḃur muiniġin, go ḃfuil luaċ saoṫair mór ag baint léi.


Aċt ní daoine de’n dream ċasas siar agus cailltear sinne, aċt daoine de’n dream ċreideas ċum a n‐anam do ṡlánú.


Agus is é is mian liom go dtaisbeánfaḋ gaċ duine agaiḃ an dúṫraċt ċéadna ċum lán‐dearḃṫaċt dóċais do ċoṫú go deireaḋ:


dóċas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongṁálta, mar téiġeann sé isteaċ san naoṁ‐áit taoḃ ṫiar de’n ḃrat;


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


An té ġráḋuiġeas a ḃráṫair, cóṁnuiġeann sé san tsolas agus ní ḟuil aon aḋḃar tuisliḋ ann.


Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil siḃ tréan, agus go gcóṁnuiġeann briaṫar Dé ionnaiḃ, agus go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid.


Maidir liḃ‐se, an teagasc do ċualaḃar ó ṫús, cóṁnuiġeaḋ sé ionnaiḃ. Má ċóṁnuiġeann an niḋ do ċualaḃar ó ṫús ionnaiḃ, béiḋ siḃ ’n‐ḃur gcóṁnaiḋe san Mac agus san Aṫair mar an gcéadna.


Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.


Cibé duine do geineaḋ ó Ḋia, ní ḋéanann sé peacaḋ, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacaḋ do ḋéanaṁ de ḃriġ gur ó Ḋia do geineaḋ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ