Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 13:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Dá laḃrainn le teangṫaċaiḃ daoine agus aingeal, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuilim aċt mar ḃéaḋ prás ag fuaimniú, nó ciombal ag cluigíneaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Gioḋ go laiḃéoruinn ré teangṫuiḃ ḋáóine agus aingeal, agus gan gráḋ ionnam, ní ḃfuilim aċd mar ṗrás ag déunmah fuáime, nó mar ċimbal ag cluigineaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 13:1
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin freagróċaiḋ seisean, g‐á ráḋ, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ó’s rud é naċ ndearnaḃar é d’aoinneaċ de na daoiniḃ seo is suaraiġe, naċ ndearnaḃar daṁ‐sa é.


Agus is iad so na cóṁarṫaí leanfas iad‐san ċreidfeas: caiṫfid deaṁain amaċ im’ ainm‐se; laḃarfaid as teangṫaċaiḃ nua;


Aċt má ḃíonn doilġeas ar do ḃráṫair mar ġeall ar an mbiaḋ iṫeas tú, ní de réir gráḋa atáir‐se ag siuḃal. Ná cuir i mbealaċ a ḃascṫa led’ ḃiaḋ an duine go ḃfuair Críost bás ar a ṡon.


do ḋuine eile buaiḋ na míorḃal, do ḋuine eile fáiḋeadóireaċt, do ḋuine eile buaiḋ na spiorad do ḃreaṫnú; do ḋuine eile teangṫaċa éagsaṁla; do ḋuine eile buaiḋ na dteangṫaċ do ṁíniú;


Agus dá n‐abraḋ an ċluas, De ḃriġ naċ mise an tsúil, naċ cuid de’n ċorp í ar a ṡon sin?


Óir tugtar briaṫar na h‐eagna tríd an Spiorad do ḋuine aṁáin; agus tugtar briaṫar an eolais do ḋuine eile tríd an Spiorad céadna:


Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal.


Óir an duine laḃras i dteangain, ní le daoiniḃ laḃras sé, aċt le Dia, mar ní ṫuigeann aoinneaċ é: giḋ go laḃrann sé rúindiaṁra san spiorad.


An té laḃras i dteangain, spreagann sé é féin; aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, spreagann sé an eaglais.


Ba ṁaiṫ liom go laḃarfaḋ siḃ uile i dteangṫaċaiḃ, aċt dob’ ḟearr liom go mór go ndéanfaḋ siḃ fáiḋeadóireaċt: mar is fearr go mór an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt ’ná an té laḃras i dteangṫaċaiḃ, muna míniġiḋ sé, ċum go ḃfaiġiḋ an eaglais beannaċt.


Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.


gur fuaduiġeaḋ é suas go Párrṫas, agus go gcuala sé briaṫra do‐innste, naċ cuiḃe do’n duine d’aiṫris.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Ṫar gaċ niḋ eile bíoḋ dian‐ġráḋ agaiḃ d’á ċéile: óir cuireann an grád clúdaċ ar a lán mór peacaiḋe.


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Agus do ċualas glór ó neaṁ, mar ṫorann uiscí ioṁḋa, agus mar ḟuaim tóirniġe móire: agus an glór do ċualas, do ḃí sé mar ḃéaḋ cláirseoirí ag seinm ceoil ar a gcláirseaċaiḃ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ