Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 12:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Óir tugtar briaṫar na h‐eagna tríd an Spiorad do ḋuine aṁáin; agus tugtar briaṫar an eolais do ḋuine eile tríd an Spiorad céadna:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Oír do ġeiḃ neaċ bríaṫar éagna trés an Sbioruid; agus neaċ eile bríaṫar eóluis trés an sbioruid ċéudna;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 12:8
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.


Uime sin, a ḃráiṫreaċa, toġaiḋ ’n‐ḃúr measc féin móirṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


de ḃriġ go ḃfuair siḃ saiḋḃreas ann ins an uile niḋ, i mbriaṫraiḃ béil agus i n‐eolas de gaċ cineál;


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal.


Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.


Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt?


Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neiṫe ḃaineas leis an duine, aċt aṁáin spiorad an duine atá istiġ ann? Ar an geuma ċéadna sin ní h‐eol d’aoinneaċ na neiṫe ḃaineas le Dia, aċt aṁáin do Spiorad Dé.


Óir cia h‐é do ṫuig aigne an Tiġearna, go dtiuḃraḋ sé teagasc dó? Aċt is í aigne Ċríost atá againne.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Aċt má’s fíor féin gur beag le ráḋ fá ċainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do ċruṫuiġeamar ’n‐ḃur measc é go h‐iomlán ar gaċ sliġe.


Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


i ngeanṁaiḋeaċt, i n‐eolas, i ḃfad‐ḟulang, i gcáirdeaṁlaċt, san Spiorad Naoṁ,


Aċt ó tá siḃ iomlán san uile niḋ, i gcreideaṁ, i n‐urlaḃra, agus i n‐eolas, agus san uile ḋúṫraċt, agus ’n‐ḃur ngráḋ ḋúinne, bíoḋ an grása so go h‐iomlán, leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ