Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 12:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus do ċeap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáiḋí, san treas áit luċt teagaisc, luċt déanta míorḃal annsin, buaiḋ an leiġis ’n‐a ḋiaiḋ sin, buaiḋ na caḃraċ, buaiḋ an riarṫa, buaiḋ na dteangṫaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus do órduiġ Día dream áiriġe sa neagluis, ar tús absduil, na ḋiáiġ sin fáiḋe, an treas uáir luċd teaguisg, a rís luċd míorḃuile do ḋéunmah, na ḋiáiġ sin luċd leiġis, luċd coḃarṫa, luċd ríaġalta, agus iomad do ġnéiṫiḃ teangṫaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 12:28
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is iad so na cóṁarṫaí leanfas iad‐san ċreidfeas: caiṫfid deaṁain amaċ im’ ainm‐se; laḃarfaid as teangṫaċaiḃ nua;


Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a ḋearḃráṫair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parṫalán,


Agus ins na laeṫiḃ sin ṫáinig fáiḋe ó Iarúsalem go h‐Antuaiġ.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


Ná taḃraiḋ aḋḃar scannail do lúdaċaiḃ ná do Ġréagaċaiḃ, ná d’eaglais Dé


Aċt is aṁlaiḋ do ċuir Dia na baill san gcorp, gaċ ball díoḃ do réir a ṫola féin.


An oidí iad uile? An ḃfuil buaiḋ an leiġis aca uile? An laḃrann siad uile as teangṫaċaiḃ?


Óir an duine laḃras i dteangain, ní le daoiniḃ laḃras sé, aċt le Dia, mar ní ṫuigeann aoinneaċ é: giḋ go laḃrann sé rúindiaṁra san spiorad.


An té laḃras i dteangain, spreagann sé é féin; aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, spreagann sé an eaglais.


Ba ṁaiṫ liom go laḃarfaḋ siḃ uile i dteangṫaċaiḃ, aċt dob’ ḟearr liom go mór go ndéanfaḋ siḃ fáiḋeadóireaċt: mar is fearr go mór an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt ’ná an té laḃras i dteangṫaċaiḃ, muna míniġiḋ sé, ċum go ḃfaiġiḋ an eaglais beannaċt.


atá siḃ tógṫa ar ḃun na n‐abstal agus na ḃfáiḋ gur ab é Críost féin an ṗríoṁ‐ċloċ ċúinne ḋe;


nár foillsiġeaḋ do ċlannaiḃ daonna ins na h‐aoisiḃ eile, fá mar tá sé foillsiġṫe anois d’á naoṁ‐abstalaiḃ agus d’á naoṁ‐ḟáiḋiḃ tríd an Spiorad:


Meastar gur fiú a ḋá oiread d’onóir na seanóirí riaġluiġeas go maiṫ, iad‐san go mór‐ṁór go mbíonn an tseanmóireaċt agus an teagasc mar ṡaoṫar aca.


Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.


Beannuiġiḋ d’ḃur dtreoruiġṫiḃ uile, agus do na naoṁaiḃ go léir. Beannuiġeann bráiṫre na hIodáile ḋaoiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ