agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin:
Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é.
Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis.
Agus is é ceann an ċuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príoṁ‐ṫús é, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ; ċum go mbéaḋ an t‐árd‐ġradam aige san uile niḋ.
gan greim do ċoiṁeád ar an gCeann, ó n‐a méaduiġeann an corp uile le fás ó Ḋia, agus é d’á ċoṫú agus d’á ṡnaiḋmeaḋ le ċéile le h‐altaiḃ agus le lúiṫeaċaiḃ.