Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 12:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Uime sin dá ḃfuilngiḋ éunḃall, coṁḟuilngid na buíll nile; nó dá ḃfaġuiḋ éunḃall onóir, do níd na buill uile gáirdeaċas má ráon ris.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 12:26
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Íosa é, agus aduḃairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuiḃe gaċ dliġe do ċóiṁlíonaḋ. Agus do ġéill sé ḋó an t‐am sin.


Uime sin, má ḃíonn do ṡúil ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í agus caiṫ uait í: óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.


Déanaiḋ gáirdeaċas leis na daoiniḃ do‐ġní gáirdeaċas; déanaiḋ gol leis na daoiniḃ do‐ġní gol.


ċum naċ mbéaḋ aon deaġailt san gcorp, aċt go dtiuḃraḋ na baill aon ċúram aṁáin d’á ċéile.


Anois is siḃ‐se corp Ċríost, agus gaċ duine ’n‐a ḃall ar leiṫ.


Tógaiḋ trom‐ualaiġe a ċéile, ag cóiṁlíonaḋ dliġe Ċríost mar sin.


áiriṫe aoiḋeaċt d’aingliḃ gan a ḟios dóiḃ féin. Cuiṁniġiḋ ar na priosúnaċaiḃ, fá mar ḃéaḋ siḃ ceangailte i n‐éinḟeaċt leo; ar na daoiniḃ atá ag fáġáil íosbairte, fá mar tá siḃ féin i rioċt corporḋa.


I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ