1 Déanaiḋ aiṫris orm‐sa, mar ḋéanaim féin aiṫris ar Ċríost.
1 Biġiḋ ḃur luċd leanṁana ḋaṁsa do réir mar atáimse do Ċríosd.
fá mar iarraim‐se sásaṁ do ṫaḃairt do gaċ duine ins an uile niḋ, gan cuiṁneaṁ ar mo ṫairḃe féin, aċt ar ṫairḃe farasbáirr na ndaoine, ċum go slánóċar iad.
Aṫċuinġim oraiḃ, d’á ḃriġ sin, mo lorg‐sa do leanaṁain.
A ḃráiṫre, déanaiḋ‐se aiṫris orm‐sa i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus coiṁeádaiḋ súil orṫa‐san leanas do réir an tsompla do‐ḃeirimíd daoiḃ.
Agus do rinneaḃar aiṫris orainne agus ar an Tiġearna, ó ġlacaḃar an briaṫar i ndóġrainn ṁóir, le h‐áṫas an Spioraid Naoiṁ;
Ní h‐é nárḃ é ár gceart é, aċt ċum sompla do ṫaḃairt daoiḃ, ċum go ndéanfaḋ siḃ aiṫris orainn.
ċum naċ n‐éireoċaḋ siḃ leisceaṁail, aċt go ndéanfaḋ siḃ aiṫris ar na daoiniḃ fuair na geallaṁnaċa mar oiḋreaċt de ḃárr creidiṁ agus foiḋne.