Ná biḋiḋ‐sé ’n‐ḃur n‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, mar ḃí cuid aca‐siúd; mar atá scríoḃṫa, Do ṡuiḋ an pobal síos ċum ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól, agus d’éiriġeadar ’n‐a seasaṁ ċum ḃeiṫ ag súgraḋ.
Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.
Agus is le fonn ċaiṫfead‐sa mo ċuid airgid, agus béiḋead dom’ ċaiṫeaṁ féin mar ṁaiṫe le n‐ḃur n‐anmannaiḃ. Dá ṁéid é mo ġráḋ ḋaoiḃ, an aṁlaiḋ an luġa‐de ḃur ngráḋ ḋaṁ‐sa é?
Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ.
D’á ḃriġ sin, Tagaiḋ amaċ as a lár, Agus biḋiḋ ar deaġailt, Adeir an Tiġearna, Agus ná bíoḋ aon ḃaint agaiḃ leis an rud neaṁ‐ġlan; Agus glacfad ċugam siḃ,
Aċt, a ċáirde ionṁaine, má tá féin go ḃfuilim ag laḃairt ar an gcuma so, is deiṁin linn gur fearr ’ná sin atá na neiṫe agaiḃ‐se, neiṫe atá ag teaċt leis an slánuġaḋ:
Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.
Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.
Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.