Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 10:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Ní ṫáinig aon ċaṫú oraiḃ naċ ḃfuil ar ċumas an duine a iomċar: aċt Dia atá díleas, ní ċeadóċaiḋ sé caṫú ṫar ḃur gcumas do ċur oraiḃ; aċt do‐ḃearfaiḋ sé sliġe éaluiġṫe i n‐éinḟeaċt leis an gcaṫú, ċum go ḃféadaiḋ siḃ a iomċar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ní ṫárla caṫuġaḋ ar biṫ ḋíḃ aċd an caṫuġaḋ leanus gaċ áon: agus atá Día fírinneaċ, náċ ḃfuileóngaiḋ caṫúġaḋ do ċur oraiḃ ós cionn ḃur neirt; aċd do ḋéuna sé sliġe imṫeaċd ḋíḃ ann sa gcaṫúġaḋ, ionnus go maḋ éidir liḃ a iomċar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 10:13
48 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ná leig sinn i gcaṫú, aċt saor sinn ó olc.


Agus maiṫ ḋúinn ár bpeacaiḋe; mar ṁaiṫimíd‐ne ḋóiḃ‐sean ar a ḃfuil fiaċa againn. Agus na seol i gcaṫú sinn.


Agus ṫairis sin agus uile, atá duiḃeagán mór suiḋte eadrainn: i dtreo naċ ḃféadann siad‐san gur mian leo é dul ċugaiḃ‐se anonn, ná teaċt as sin anall ċugainne.


éiriġiḋ agus déanaiḋ urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫuiġṫiḃ.


agus na daoine eile ’n‐a ndiaiḋ, cuid aca ar ċláraiḃ, agus cuid aca ar neiṫiḃ ó’n luing. Agus ṫárla mar sin, go dtáinig gaċ duine aca slán ċum tíre.


Atá Dia fírinneaċ, tré n‐ar glaoḋaḋ siḃ isteaċ i gcóṁċumann a Ṁic Íosa Críost ár dTiġearna.


do ṡaor ó n‐a ċóṁmór sin de ḃás sinn, agus ṡaorfas; go ḃfuil ár muiniġin as go saorfaiḋ sé fós sinn;


Is dílis an té atá ’g‐ḃur nglaoḋaċ, is é ḋéanfas é.


Aċt atá an Tiġearna creideaṁnaċ; is é ḋaingneoċas siḃ agus ċoiṁeádfas slán ó’n ainspiorad siḃ.


Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen.


coiṁeádaimís go daingean an dóċas adṁuiġmíd ċum naċ lagaiḋ sé; óir is dílis an té ṫug an ġeallaṁain:


Tré ċreideaṁ fuair Sára féin cumas ċum slioċt do ġaḃáil i mbroinn, i n‐aiṁḋeoin go raiḃ sí ṫar aois, de ḃriġ gur ṁeas sí an té ṫug an ġeallaṁain ḃeiṫ fírinneaċ,


Níor ṡeasuiġ siḃ fós go doirteaḋ fola, ag cur i n‐aġaiḋ an ṗeacaiḋ:


ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;


D’á ḃriġ sin, na daoine ḟulaingeas do réir tola Dé, cuiridís a n‐anmanna fá ċuṁdaċ an Ċruṫuiġṫeora ḋílis, ag cleaċtaḋ maiṫeasa.


is eol do’n Tiġearna cionnas na fíréin do ṫaḃairt slán as caṫuiġṫiḃ, agus na neiṁ‐ḟíréin do ċongḃáil fá ṗionós fá ċóṁair lae an ḃreiṫeaṁnais;


Má adṁuiġmíd ár bpeacaiḋe, atá seisean ċóṁ dílis, ċóṁ ceart sin agus go maiṫfiḋ sé ár bpeacaiḋe ḋúinn, agus go nglanfaiḋ sé ó gaċ neaṁ‐fíréantaċt sinn.


Annsin do ċonnacas neaṁ ar ḟoscailt; agus féaċ, eaċ bán, agus an té do ḃí ar muin air, tugaḋ Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an ċirt do‐ġní sé breiṫeaṁnas, agus ċuireann sé cogaḋ.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ