Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Noċ fós ḋaingneóċas siḃ go foirċeann ḃur mbeaṫa, ionnus go mbía siḃ neiṁċiontaċ a ló ar Dtiġearna Iósa Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 1:8
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

óir fá mar lasann an teintreaċ ó áird aṁáin de’n spéir go dtí an áird eile, agus í ag splanncaḋ, mar sin is eaḋ ḃéas Mac an Duine ’n‐a lá féin.


Mar sin is eaḋ ḃéas, an lá ’n‐a ḃfoillseoċar Mac an Duine.


Cia h‐é ṫusa do‐ḃeir breiṫ ar ṡeirḃíseaċ duine eile? Is d’á ṫiġearna féin ṡeasas nó ṫuiteas sé; ’seaḋ, agus seasfaiḋ sé, óir is féidir do Ḋia a ċongḃáil ’n‐a ṡeasaṁ.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


Mar tá ar cruṫuiġeaḋ ag fuireaċ go fonnṁar ar ṫaiḋḃsiú maicne Dé.


óir foillseoċaiḋ an lá é, de ḃriġ go ndéanfar soiléir é san teiniḋ; agus déanfaiḋ an teine féin a ċruṫú cia an cineál obair gaċ duine.


go dtugtar a leiṫéid sin de ḋuine suas do Ṡátan ċum scriosta na colna, ionnas go saorfaiḋe an spiorad i ló an Tiġearna Íosa.


Óir ní scríoḃaimíd ċugaiḃ aċt an méid léiġfeas siḃ agus aiṫniġeas siḃ gur fíor é, agus atá súil agam go n‐aiṫneoċaiḋ siḃ go deireaḋ é:


aṁail mar ċuir siḃ a ḃeag nó a ṁór d’aiṫne orainn, gur sinne aḋḃar ḃur maoiḋṁeaċais, fá mar is siḃ‐se aḋḃar ár maoiḋṁeaċais i ló ár dTiġearna Íosa.


Agus an té ḋaingniġeas sinn i n‐éinḟeaċt liḃ‐se i gCríost, is é Dia é;


ċum an eaglais do ċur i n‐áiriṫe ḋó féin mar eaglais ġlórṁar, gan smál, gan roc, gan éinniḋ d’á ṡaṁail: aċt go mbéaḋ sí beannuiġṫe, gan loċt.


ċum go ndearḃuiġiḋ siḃ na neiṫe is fearr; ċum go raiḃ siḃ fíor‐ġlan, gan loċt ar biṫ i gcóṁair lae Ċríost;


agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do ṫosnuiġ ar obair ṁaiṫ ionnaiḃ, go gcóiṁlíonfaiḋ sé go ló Íosa Críost é;


siḃ réiḋtiġṫe leis anois tré ċorp a ḟeola de ḃárr an ḃáis, ċum siḃ do ṫaḃairt naoṁṫa, gan loċt, gan cionnta ’n‐a ḟiaḋnaise,


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.


Óir atá a ḟios agaiḃ go maiṫ go dtagann lá an Tiġearna mar ṫagann gadaiḋe san oiḋċe.


impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, gan leigean d’ḃur n‐aigne ḃeiṫ corruiġṫe go luaṫ, ná ḃeiṫ buaiḋearṫa ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar ḃeaḋ uainne, g‐á ráḋ go ḃfuil lá an Tiġearna ann de láṫair.


Aċt atá an Tiġearna creideaṁnaċ; is é ḋaingneoċas siḃ agus ċoiṁeádfas slán ó’n ainspiorad siḃ.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


(Go dtugaiḋ an Tiġearna ḋó trócaire d’ḟáġáil ó’n Tiġearna san ló úd): agus is maiṫ atá a ḟios agat féin méid na seirḃís do rinne sé ḋom i nEiféis.


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


Aċt tiocfaiḋ lá an Tiġearna mar ġadaiḋe; imṫeoċaiḋ na spéarṫa le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ, agus dóiġfear an talaṁ agus na h‐oibreaċa atá ann.


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó tá súil leis na neiṫiḃ seo agaiḃ, déanaiḋ gaċ iarraċt ċum go ḃfaiġfiḋe siḃ i síoṫċáin, gan smál, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ