Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 ar ṁoḋ naċ ḃfuil bronntanas ar biṫ i n‐easnaṁ oraiḃ; ag fanaṁain daoiḃ go ḃfoillsiġṫear ár dTiġearna Íosa Críost;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ionnus naċ ḃfuil riaċdanas én tioḋluice oraiḃ; ag fuireaċ ḋiḃ ré teaċd ar Dtiġearna Iósa Críosd:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 1:7
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin béiḋ ríoġaċt na ḃflaiṫeas cosṁail le deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lóċrainn, agus do ċuaiḋ amaċ fá ḋéin an ḟir nua‐ṗósta.


agus biḋiḋ féin mar do ḃéaḋ daoine agus iad ag fuireaċ ar a dtiġearna, go ḃfillfiḋ sé ó’n mbainis; i dtreo, nuair ṫig sé agus ḃuaileas sé, go ḃfosclóċaiḋ siad dó ar an láṫair.


Mar sin is eaḋ ḃéas, an lá ’n‐a ḃfoillseoċar Mac an Duine.


Mar tá ar cruṫuiġeaḋ ag fuireaċ go fonnṁar ar ṫaiḋḃsiú maicne Dé.


Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt sinne, mar an gcéadna, go ḃfuil an Spiorad mar ċéad‐toraḋ againn, bímíd ag osnaiġil ionnainn féin, ag fuireaċ ar an uċtcaċt, is é sin fuasclaḋ ár gcorp.


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


Óir cia an leaṫ‐ċuma do rinneaḋ oraiḃ‐sa ṫar a rinneaḋ ar na h‐eaglaisiḃ eile, munarḃ é naċ raiḃ mé féin mar ṫrom‐ualaċ oraiḃ? maiṫiḋ ḋom an éagcóir sin.


Óir is tríd an Spiorad le creideaṁ atáimíd ag súil le fíréantaċt.


Óir is ar neaṁ atá ár n‐áitreaḃ‐na; agus is ó’n áit sin atáimíd ag fanaṁain le Slánuiġṫeoir, an Tiġearna Íosa Críost:


Nuair foillseoċar Críost, ár mbeaṫa‐na, foillseoċar siḃ‐se, ċóṁ maiṫ, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.


agus ċum ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le teaċt a Ṁic ó neaṁ, an té do ṫóg sé ó na marḃaiḃ, Íosa ḟuasclas ó’n díḃeirg atá le teaċt sinn.


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


ar an gcuma ċéadna, foillseoċar Críost gan peacaḋ, an dara h‐uair, do na daoiniḃ atá ag fanaṁain leis, ċum a slánuiġṫe, tar a éis dó a íoḋbairt féin an t‐aon uair aṁáin ċum peacaiḋe móráin d’iomċar.


D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost;


aċt ó tá siḃ rannṗáirteaċ ’n‐ar ḟulaing Críost, déanaiḋ gáirdeaċas; ċum go mbéiḋ áṫas agus árd‐ṁeanma oraiḃ, ċóṁ maiṫ, nuair foillseoċar a ġlóir.


Agus nuair foillseoċar an tÁrd‐Aoḋaire, ġeoḃaiḋ siḃ coróin na glóire naċ dtéiġeann i n‐éag.


ag fuireaċ daoiḃ, agus siḃ go dúṫraċtaċ fá ċóṁair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéarṫa le tóiteán teineaḋ, agus ’n‐a leaġfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ?


A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.


agus congḃuiġiḋ siḃ féin i ngráḋ Dé, ag súil le trócaire ár dTiġearna Íosa Críost ċum na beaṫaḋ marṫannaiġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ