Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċraoḃscaoileadar ins gaċ uile áit, an Tiġearna ag cóṁoibriú leo, agus ag neartú an ḃriaṫair leis na cóṁarṫaiḃ do lean é.
D’á ḃriġ sin, má ṫug Dia ḋóiḃ‐sean an bronntanas céadna tugaḋ ḋúinne, nuair do ċreideamar san Tiġearna Íosa Críost, cia’rḃ é mise go ḃféadfainn cosc do ċur le Dia?
Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.
Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.
Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis.
Agus nuair do ṡocruiġeadar leis ar lá, ṫáinig a lán aca ’n‐a lóistín ċuige; agus do ṁíniġ sé ríoġaċt Dé ḋóiḃ, ag taḃairt fiaḋnaise air, ag iarraiḋ a mbaineann le h‐Íosa do ċruṫú ḋóiḃ as reaċt Maoise agus as na fáiḋiḃ, ó ṁaidin go tráṫnóna.
D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;
Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.
Agus d’éiriġ an dragún feargaċ leis an mnaoi, agus d’imṫiġ sé ċum cogaḋ do ċur ar an gcuid eile d’á slioċt, ar luċt coiṁeádta aiṫeanta Dé, go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca.
Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.