Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Do‐ḃeirim buiḋeaċas i gcóṁnaiḋe lem’ Ḋia ’n‐ḃur dtaoḃ, as uċt grása Dé tugaḋ ḋaoiḃ i nÍosa Críost;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Beirim a ḃuiḋe do ġnáṫ ré mo Ḋía ar ḃur sonsa, do ṫáoḃ ġrás Dé do tugaḋ ḋíḃ a Niósa Críosd;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 1:4
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt aduḃairt seisean leo, Ní h‐é gaċ aon duine gur féidir leis na briaṫra so do ġlacaḋ, aċ iad‐san aṁáin dár tugaḋ é.


Má iarrann siḃ niḋ ar biṫ im’ ainm‐se, déanfad é.


Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne:


Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ.


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:


Agus nuair do‐ċualadar é, ṫugadar glóir do Ḋia; agus aduḃradar leis, Do‐ċí tú, a ḃráṫair, na mílte móra ḋíoḃ‐san go ḃfuil an creideaṁ aca atá i measc na nIúdaċ; agus atáid uile láin‐dílis do’n reaċt:


Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad.


Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin;


Grása ḋaoiḃ, agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


agus do ṁéaduiġ grása ár dTiġearna go mór, le creideaṁ agus leis an ngráḋ atá i nÍosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ