Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 1:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Óir do’n dream atá ag dul amuġa is ionann briaṫar na croise agus díṫ‐céille; aċt dúinne atá d’ár slánú is í cuṁaċt Dé í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Oir as amadanaċd don dreim ṫéid a múġa bríaṫar na croiċṫe; aċd ḋúinne atá air ar slanúġaḋ as é cúṁaċda Dé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 1:18
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċaiḋ, a luċt tarcuisne, déanaiḋ iongnaḋ, agus téiġeaḋ siḃ i n‐éag; Óir atá obair d’á déanaṁ agam ’n‐ḃúr laeṫiḃ, Obair naċ gcreidfeaḋ siḃ, dá n‐innsiġeaḋ duine ḋaoiḃ é.


Agus do ḃíoḋ cuid d’ḟeallsaṁnaiḃ na nEpicúraċ agus na Stóiceaċ ag conspóid leis. Agus aduḃairt cuid aca, Créad atá le ráḋ ag an duine cainnteaċ so? Aduḃairt cuid eile, Is cosṁail gur duine é atá ag fógairt déiṫe coiṁiġṫeaċ: toisc go raiḃ sé ag innsint i dtaoḃ Íosa agus i dtaoḃ an aiséirġe.


Aċt nuair do‐ċualadar tráċt ar aiséirġe na marḃ, do ḃí cuid aca do‐rinne magaḋ; aċt ḃí cuid eile aduḃairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a ṫaoḃ sin.


ag molaḋ Dé, agus meas ag gaċ uile ḋuine orṫa. Agus do ċuireaḋ an Tiġearna leo gaċ lá iad‐san do ḃí d’á slánú.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.


Óir ó ṫárla, tré eagna Dé, nár aiṫniġ an saoġal Dia de ċionn a eagnaiḋeaċta, ba toil le Dia na daoine ċreideas do ṡlánú tré ḋíṫ‐céille na teaċtaireaċta.


agus tré n‐a slánuiġtear siḃ, leis; má ċoiṁeádann siḃ go daingean an briaṫar do ṡeanmóireas doiḃ, munar ċreideaḃar go neaṁ‐éifeaċtaċ.


Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.


Óir ḃí sé de rún agam gan aon eolas ḃeiṫ agam ’n‐ḃur measc aċt aṁáin ar Íosa Críost, agus é céasta.


Óir is díṫ‐céille le Dia gliocas an tsaoġail seo, mar tá scríoḃṫa, Greamuiġeann sé luċt gliocais ’n‐a ngastaċt féin:


Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.


óir ní de’n ċolainn ár n‐airm troda, aċt atá siad cumasaċ ó Ḋia ċum daingne do leagaḋ;


Aċt má tá ár soiscéal fá ḟolaċ, is ins an dream atá ag dul amuġa atá sé fá ḟolaċ:


óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc.


agus le gaċ ceilg dá gcuireann an cuirpṫeaċt ar an dream d’á ḃfuil an scrios i ndán; toisc nár ġlacadar gráḋ na fírinne, ċum go slánóċaiḋe iad.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Óir atá briaṫar Dé beo, bríoġṁar, níos géire ’ná aon ċlaiḋeaṁ ḋá ḟaoḃar. Téiġeann sé isteaċ idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduiġeann sé smaointe agus meon an ċroiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ