Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 1:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Óir ní ċum baiste do ḋéanaṁ do ċuir Críost uaiḋ mé, aċt ċum an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ: ní h‐é le gliocas cainnte, ar eagla go ndéanfaiḋe neaṁniḋ de ċrois Ċríost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Oir ní ċum baisdiġ do ḋéunaṁ do ċuir Ċríosd mé, aċd ċum an tsoisgéil do ṡeanmóruġaḋ: ní re gliocas briaṫar, deagla croiċṫe Ċríosd do ċur a neiṁḃríġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 1:17
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do ḃí a ḟios ag an Tiġearna go gcuala na Fairisíniġ go raiḃ deisceabail d’á ndéanaṁ agus d’á mbaisteaḋ aige de ḃreis ar Eoin


(b oḋ nárḃ é Íosa féin do ḃí ag baisteaḋ, aċt a ḋeisceabail),


Agus d’órduiġ sé iad do ḃaisteaḋ i n‐ainm Íosa Críost. Annsin d’impiḋeadar air fanaṁain aca roinnt laeṫe.


Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, nuair ṫánag ċugaiḃ, ní le h‐árd‐ċainnt ná le gliocas ṫánag, ag fógairt rúindiamaire Dé ḋaoiḃ.


Is ar na neiṫiḃ sin laḃraimíd, ní i mbriaṫraiḃ ṁúineas eagna ḋaonna, aċt an méid ṁúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neiṫe spioradálta le neiṫiḃ spioradálta.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Óir, is é adeirid, Bíonn a litreaċa tréan, borb, aċt ní mór le ráḋ a ṗearsa agus é i láṫair, agus bíonn a ċainnt gan éifeaċt.


Aċt má’s fíor féin gur beag le ráḋ fá ċainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do ċruṫuiġeamar ’n‐ḃur measc é go h‐iomlán ar gaċ sliġe.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Óir ní finn‐scéalta fiġte go cliste do leanamar nuair ċuireamar i ḃfios daoiḃ cuṁaċt agus teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, aċt is aṁlaiḋ ċonnacamar a ṁórḋaċt le n‐ár súiliḃ féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ