Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Ag so a ní a deirim, go nabair gaċ áon agaiḃsi, Gaḃaimse ré Pól; gaḃaimsi ré Hápollos; gaḃaimsi ré Céṗas; gaḃaimsi ré Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 1:12
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ná tugtar Rabbí oraiḃ‐se: óir ní ḟuil agaiḃ aċt aon Ṁáiġistir aṁáin, agus is bráiṫre siḃ uile.


Agus ṫug sé leis é ċum Íosa. D’ḟéaċ Íosa air, agus aduḃairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le ráḋ, Peadar, nó Carraig).


Agus ṫáinig go h‐Eiféis Iúdaċ aṁáin darḃ ainm Apollós, Alecsandríneaċ, fear an‐léiġeanta, agus eolas mór ar na scrioptúiriḃ aige.


Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


Óir do h‐inniseaḋ ḋom ’n‐ḃur dtaoḃ, a bráiṫre, ó ṁuinntir Ċlóé, go ḃfuil éada oraiḃ le ċéile.


Is é rud adeirim, a ḃráiṫre, naċ ḃféadann feoil agus fuil oiḋreaċt ríoġaċta Dé d’ḟáġáil; agus naċ mbíonn an truailleaċt ’n‐a h‐oiḋre ar an neaṁṫruailleaċt.


Aċt i dtaoḃ an ḃráṫar Apollos, d’impiḋeas go dian air teaċt ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ: agus ní raiḃ fonn dá laiġead air teaċt anois; aċt tiocfaiḋ sé nuair ḃéas faill aige ċuige.


Anois, a ḃráiṫre, san méid aduḃras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é ċum go ḃfoġlaimeoċaḋ siḃ uainn gan dul ṫar a ḃfuil scríoḃṫa; ċum naċ mbéiḋ siḃ lán d’uaḃar i n‐éadan a ċéile.


Aċt is é adeirim‐se, a ḃráiṫre, go ḃfuil an t‐am d’á aiṫ‐ġearraḋ ’n‐a raiḃ siad‐san go ḃfuil mná aca mar ḃéidís gan mná;


Naċ ḃfuil sé de ċead againn siúr do ṫaḃairt mar ḃainċéile i n‐éinḟeaċt linn, mar do‐ġní an ċuid eile de na h‐abstalaiḃ, agus bráiṫre an Tiġearna, agus Céfas?


Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.


Agus cuiṁniġiḋ air seo, An té ċuireas go gann, is gann ḃainfeas sé; agus an té ċuireas go fial, is fial ḃainfeas sé.


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


Adeirim anois, Tiomna do ḃí dearḃuiġṫe roiṁ ré ag Dia, an dliġe ṫáinig ceiṫre céad agus deiċ mbliaḋna fiċead ’n‐a ḋiaiḋ sin, naċ gcuireann sé ar gcúl é, ċum an ġeallaṁain do ċur ar neaṁ‐niḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ