I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.
Agus go naoṁuiġiḋ Dia na síoṫċána féin go h‐iomlán siḃ; agus go gcoiṁeádtar siḃ idir spiorad agus anam agus corp slán ó ċionnta go dtí teaċt ár dTiġearna Íosa Críost.
saoraiḋ cuid eile, g‐á dtarrang as an teiniḋ; agus déanaiḋ trócaire ar ċuid eile le h‐eagla; ag taḃairt fuaṫa do’n éadaċ féin atá saluiġṫe leis an gcolainn.