Fanaiḋ ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se. Fá mar naċ ḃféadann an ċraoḃ toraḋ do ṫaḃairt uaiṫi féin muna ḃfanann sí ar an ḃfíneaṁain; ní ḟéadann siḃ‐se, aċt an oiread, muna ḃfanann siḃ ionnam‐se.
agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:
Agus ḃíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ġlacadas an briaṫar go díoġraiseaċ, ag cuardaċ na scrioptúir gaċ lá d’ḟéaċain an raiḃ na neiṫe sin aṁlaiḋ.
Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.
Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.
Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neiṫe ḃaineas leis an duine, aċt aṁáin spiorad an duine atá istiġ ann? Ar an geuma ċéadna sin ní h‐eol d’aoinneaċ na neiṫe ḃaineas le Dia, aċt aṁáin do Spiorad Dé.
I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.
Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.
Óir daoine de’n aicme sin is eaḋ iad‐san ṡleaṁnuiġeas isteaċ i dtiġṫiḃ agus árduiġeas leo ċum daor‐ḃroide mná baoṫánta atá fá ualaċ peacaiḋe, d’á luascaḋ ag miantaiḃ de’n uile ṡaġas,
A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.
Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad:
Cuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar a ḃfuarais agus ar a gcualais, agus congḃuiġ é, agus déan aiṫriġe. Aċt muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaiḋe, gan a ḟios agat cia an uair ṫiocfad ort.