16 Ḋéanaiḋ gáirdeaċas i gcóṁnaiḋe;
16 Bíoḋ gáirdeaċas oruiḃ do ṡíor.
Bíoḋ áṫas oraiḃ agus lúṫġáir, mar is mór é ḃúr luaċ saoṫair ar neaṁ; óir ar an gcuma ċéadna is eaḋ do ciapaḋ na fáiḋe ṫáinig róṁaiḃ.
Aċt ċeana, ná bíoḋ áṫas oraiḃ toisc na spioraidí ḃeiṫ fá smaċt agaiḃ; aċt toisc ḃúr n‐ainmneaċa ḃeiṫ scríoḃṫa ar neaṁ.
Annsin aduḃradar leis, A Ṫiġearna, taḃair an t‐arán sin dúinn i gcóṁnaiḋe.
ag déanaṁ gáirdeaċais i ndóċas; go foiġdeaċ fá ġéirleanṁain;
mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.
Déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna i gcóṁnaiḋe: adéarfad arís é, Déanaiḋ gáirdeaċas.