Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 5:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Tuguiḋ aire riḃ náċ déun éinneaċ olc a naġuiḋ uilc ar biṫ; aċd leanuiḋ an ṁaiṫ do ġnáṫ, da ḃur dtáoḃ féin, agus do ṫáoḃ na nuile ḋaóineaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 5:15
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt adeirim‐se liḃ, gan cur i n‐aġaiḋ an uilc: aċt cibé duine ḃuailfeas ṫú ar an leacain deis, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Aċt do ġlaoḋ Pól de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Ná déan aon díoġḃáil ort féin: atáimíd uile annso.


Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ceilg. Bíoḋ fuaṫ agaiḃ do’n olc; claoiḋiḋ leis an gceart.


Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


Loirgiḋ an gráḋ: aċt cuiriḋ suim i mbronntanaisiḃ spioradálta, an ḟáiḋeadóireaċt go h‐áiriṫe.


Má ṫagann Timótéus, féaċ ċuige go mbéiḋ sé gan eagla ’n‐ḃur ḃfoċair: óir atá sé ag déanaṁ oibre an Tiġearna,


Ċeana féin is mór an loċt oraiḃ ḃeiṫ ag dul ċum dliġe le n‐a ċéile. Cad ċuige ḋaoiḃ gan fulang leis an éagcóir? Cad ċuige ḋaoiḃ gan fulang leis an ḃfeall?


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


D’á ḃriġ sin biḋiḋ an‐aireaċ i dtaoḃ an tsaoġail ċaiṫeas siḃ, ní ar nós daoine diṫ‐céilliḋe, aċt ar nós daoine céilliḋe;


Giḋeaḋ, taḃraḋ gaċ duine agaiḃ gráḋ d’á ṁnaoi mar ṫugann sé dó féin é; agus féaċaḋ an ḃean ċuige go dtiuḃraiḋ sí urraim d’á fear.


agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.


froṁaiḋ gaċ aon niḋ; greamuíġiḋ go daingean ḋá ḃḟuil maiṫ;


Aċt, a ḋuine le Dia, seaċain‐se na neiṫe sin; agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n diaḋaċt, de’n ġráḋ, de’n ḟoiḋne, de’n ċeannsaċt.


Agus ní ceart do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna bruiġean do ḃrostú, aċt ḃeiṫ cneasta leis an uile ḋuine, ḃeiṫ ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,


gan olc do laḃairt i dtaoḃ aon duine, gan ḃeiṫ bruiġeanaċ, ḃeiṫ ceannsa, ag taisbeáint gaċ macántaċta do gaċ uile ḋuine.


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Taḃraiḋ onóir do gaċ duine. Taḃraiḋ gráḋ do na bráiṫriḃ. Bíoḋ eagla Dé oraiḃ. Taḃraiḋ onóir do’n riġ.


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


Agus aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ, ná fáiḋe, agus leis an dream ċoiṁeádas briaṫra an leaḃair seo; déan aḋraḋ do Ḋia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ