Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 5:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile, agus neartuiġiḋ a ċéile, fá mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Uime sin teaguisgiḋ a ċéile, agus follamnuiġiḋ a ċéile, aṁuil do ní siḃ mar an gcéudna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 5:11
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


Déanaḋ gaċ duine agaiḃ aoiḃneas a ċóṁarsan ċum a leasa agus ċum a neartuiġṫe.


Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ tairḃeaċ. Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ fóġantaċ.


Ar an aḋḃar sin, de ḃriġ go sanntuiġeann siḃ bronntainisí spioradálta, iarraiḋ gur ab é leas na h‐eaglaise ḃéas mar ċúram oraiḃ.


Laḃraḋ beirt nó triúr de na fáiḋiḃ, agus déanaḋ an ċuid eile breiṫeaṁnas.


Ba ṁaiṫ liom go laḃarfaḋ siḃ uile i dteangṫaċaiḃ, aċt dob’ ḟearr liom go mór go ndéanfaḋ siḃ fáiḋeadóireaċt: mar is fearr go mór an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt ’ná an té laḃras i dteangṫaċaiḃ, muna míniġiḋ sé, ċum go ḃfaiġiḋ an eaglais beannaċt.


Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ.


ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile:


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


Ná leigiḋ d’aon droċ‐ċainnt teaċt as ḃur mbéal, aċt cainnt ḟóġanta raċas ċum tairḃe, do réir mar ḃéas gáḃaḋ léi, ċum go dtiuḃraiḋ sí grása do’n luċt éisteaċta.


agus go deiṁin, is é sin an rud atá d’á ḋéanaṁ agaiḃ i dtaoḃ na mbráṫar uile atá san Maiceadóin ar fad. Aċt impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, dul ar aġaiḋ níos dúṫraċtaiġe ’ná ariaṁ:


D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile leis na briaṫraiḃ seo.


agus gan aire do ṫaḃairt d’ḟaḃlaiḃ, ná do ġeinealaċaiḃ gan ċríoċ, ó n‐a ḃfásann ceisteanna níos mó ’ná riaraḋ gnó Dé san gcreideaṁ.


gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.


aċt biḋiḋ ag brostú a ċéile lá i ndiaiḋ lae, a ḟaid agus glaoḋtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruaḋóċaiḋe aon duine


Ar an aḋḃar sin leanfad‐sa i gcóṁnaiḋe de ḃeiṫ ag cur na neiṫe seo i gcuiṁne ḋaoiḃ, bíoḋ go ḃfuil eolas agaiḃ orṫa, agus go ḃfuil siḃ suiḋte go daingean san ḃfírinne atá anois ann.


Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ