Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 4:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Tuilleaḋ eile a ḋearḃráiṫre, cuirmíd dimpiḋe agus daṫċuinge oruiḃ, trés an Dtíġearna Iósa, siḃ ṫeaċd ar ḃur náġuiḋ ní sa ṁó ná ċéile, do réir mar fúaraḃair uáinne an gléus air ar coir ḋaoiḃ síuḃal, agus toil Dé do ḋéunaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 4:1
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


Óir níor staonas ó ċóṁairle Dé go h‐iomlán do noċtaḋ ḋaoiḃ.


agus ní féidir do’n dream ṁaireas do réir na colna Dia do ṡásaṁ.


Óir is ó’n Tiġearna fuaras an méid do ṁúineas daoiḃ, gur ġlac an Tiġearna Íosa an t‐arán, an oiḋċe ’n‐ar braiṫeaḋ é;


Anois, a ḃráiṫre, cuirim ar eolas daoiḃ an soiscéal do ṡeanmóireas daoiḃ, gur ġlac siḃ leis, go ḃfuil ḃur seasaṁ air,


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Uime sin, cia aca san mbaile nó as baile ḋúinn, is é ċuirimíd róṁainn a ḋeaġṫoil do ḋéanaṁ.


Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin.


A ḃráiṫre, má beirtear ar ḋuine i míġníoṁ ar biṫ, siḃ‐se atá spioradálta, cuiriḋ i gceart é le spiorad ceannsaċta; ag féaċaint ċugat féin ar eagla go gcurtar caṫú ort.


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


Aċt ní mar sin d’ḟoġlaim siḃ‐se Críost;


D’á ḃriġ sin ná biḋiḋ diṫ‐céilliḋe, aċt tuigiḋ cad é deaġ‐ṫoil an Tiġearna.


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


Uime sin, ó ġlacaḃar Íosa Críost mar Ṫiġearna ċugaiḃ,


agus go méaduiġiḋ an Tiġearna an gráḋ ionnaiḃ go líonṁar d’á ċéile, agus do ċáċ, mar atá againn féin daoiḃ‐se;


Óir is eol daoiḃ na h‐aiṫeanta ṫugamar tríd an Tiġearna Íosa ḋaoiḃ.


Impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, cion do ḃeiṫ agaiḃ orṫa‐san atá ag obair ’n‐ḃur measc, iad‐san go ḃfuil ceannas aca oraiḃ san Tiġearna, agus ḃeireas cóṁairle ḃur leasa ḋaoiḃ;


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


I dtaoḃ a mbaineann le teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, agus le n‐ár gcóṁċruinniú fá n‐a ċóṁair,


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, guiḋiḋ orainne, ċum go leaṫaiḋ briaṫar an Tiġearna, agus go nglóiriġtear é, mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ‐se;


Aċt, a ḃráiṫre, ná biḋiḋ‐se tuirseaċ ag déanaṁ maiṫeasa.


Cuirim mar aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toġṫa, na neiṫe seo do ḋéanaṁ gan claoin‐ḃreiṫ, gan faḃar.


Cuirim d’aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost, ḃéarfas breiṫ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ, agus i n‐ainm a ṫaisbeánta agus a ríoġaċta;


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, glacaḋ le briaṫar an spreagṫa so uaim: óir níor scríoḃas aċt go h‐aiṫġearr ċugaiḃ.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


agus cibé niḋ iarraimíd air doġeiḃimíd uaiḋ é, de ḃriġ go gcoiṁeádaimíd a aiṫeanta, agus go ndéanaimíd na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ