Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 3:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Aċt nuair ṫáinig Timóteus uaiḃ anois díreaċ ċugainn, agus ṫug sé deaġ‐scéala ḋúinn i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa, g‐á ráḋ go mbíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cuiṁneaṁ orainn, ag tnúṫ le n‐ár ḃfeicsin, mar táimíd féin ag tnúṫ leis, ċóṁ maiṫ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Aċd a nois go déiġeanaċ ar dteaċd do Ṫimotéus uáiḃse ċuguinne, agus ar dtáḃairt ḋéaġṫeisde ar ḃur gcreideaṁ agus ar ḃur ngráḋ ḋúinn dó, agus go ḃfuil déaġċoiṁne aguiḃ oruinn, ar mbeiṫ ḋiḃ do ṡíor fonnṁar ar sinne dfaicsin, aṁuil atámuidne fós riḃse:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 3:6
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


I n‐a ḋiaiḋ sin d’imṫiġ sé ó Ċaṫair na h‐Aiṫne, agus ṫáinig sé go Coirinnt.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Anois molaim siḃ de ḃriġ go mbíonn siḃ ag cuiṁneaṁ orm san uile niḋ, agus de ḃriġ go ḃfuil siḃ ag coiṁeád na ngnás fá mar ṫugas daoiḃ iad.


Anois fanann na trí neiṫe seo, an creideaṁ, an dóċas agus an gráḋ: aċt an niḋ is mó díoḃ is é an gráḋ é.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Óir is é Dia m’ḟiaḋnaiḋe ar an dúil ṁóir ċuirim ionnaiḃ go léir le caoṁ‐ġráḋ Íosa Críost.


ó ċualamar tráċt ar ḃur gcreideaṁ i nÍosa Críost, agus ar an ngráḋ atá agaiḃ do na naoṁaiḃ go léir,


Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól, lem’ láiṁ féin. Cuiṁniġiḋ ar mo ċuiḃreaċaiḃ. Grása go raiḃ liḃ.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Aċt, a ḃráiṫre, ó ṫárla go raḃamar scarṫa liḃ le tamall, i bpearsain, aċt ní i gcroiḋe, ba ṁóide ár dtnúṫán go mór le n‐ḃur ngnúis d’ḟeicsin.


Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.


d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, fuaramar sólás ’n‐ḃur dtaoḃ i lár ár n‐aṁgair agus ár mbuaiḋearṫa uile:


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


toisc gur clos dom an creideaṁ atá agat do’n Tiġearna Íosa, agus do ġráḋ do na naoṁaiḃ go léir;


áiriṫe aoiḋeaċt d’aingliḃ gan a ḟios dóiḃ féin. Cuiṁniġiḋ ar na priosúnaċaiḃ, fá mar ḃéaḋ siḃ ceangailte i n‐éinḟeaċt leo; ar na daoiniḃ atá ag fáġáil íosbairte, fá mar tá siḃ féin i rioċt corporḋa.


Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ.


Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ